← Seo scéal Fiannaíochta ina bhfuil sean saol na págántachta agus an laochais ag bualadh le saol nua na Críostaíochta. 🔊
← Tá Caoilte fágtha i ndiaidh na Féinne agus buaileann sé le Naomh Pádraig. 🔊
← Faigheann siad amach sa deireadh gurbh é Manannán Mac Lir, Dia na farraige de chuid Tuaithe Dé Danainn, an té a tháinig i gcabhair ar na Fianna. 🔊
← `An raibh dúil sa ghreann agaibh, a Chaoilte. 🔊
← Lá aonaigh agus oireachtais a bhí ag na Fianna i mBinn Éadair. 🔊
← Tháinig sé i láthair Fhinn faoi arm is faoi éide. 🔊
← `Ní fhacamar an ghaiscíoch riamh nach raibh fear sna Fianna a chloífeadh é,' arsa Conán Maol. 🔊
← `Níl agatsa ach glór amadáin,' arsa Caol an Iarainn, `agus dá mbeadh a raibh sna Fianna riamh in éineacht lena bhfuil ann faoi láthair, ní bhfaighfí fear ina measc a chloífeadh mise. 🔊
← Má tá an laoch amháin agaibh atá in ann an lámh in uachtar a fháil ormsa i rith, i gcomhrac nó i gcoraíocht ní dhéanfaidh mé níos mó buartha daoibh ach fillfidh mé ar mo thír féin.' 🔊
← `An bhfuil aon laoch agaibh a sháródh sa rásaíocht mé?' 🔊
← `Caoilte Mac Rónáin an fear reatha is fearr atá againn,' arsa Fionn, `ach níl sé i láthair. 🔊
← Rachaidh mise ar a lorg agus muna bhfaighidh mé i dTeamhair é, gheobhaidh mé i gCéis Chorainm é.' 🔊
← Ní raibh Fionn i bhfad imithe nó gur bhuail sé isteach i gcoill aimhréidh a raibh cosán ag dul tríthi. 🔊
← Bhí crios dóibe in íochtar a chóta lachtna agus ní raibh aon choischéim dar shiúil sé nár bhuail an t-íochtar dóibe mar a bheadh tonn ar chúl a chosa é agus ní raibh aon uair dá mbogfadh sé a bhróga nach gcuirfeadh sé bairille puitigh suas lena mhása. 🔊
← D'inis Fionn dó go raibh sé ar lorg Chaoilte le dul i gcomórtas rásaíochta le Caol an Iarainn. 🔊
← `Is dóigh liom go bhfuil do dhóthain le déanamh agatsa do chóta, do bhróga is tú fhéin a iompar gan dul i gcomórtas le héinne eile', arsa Fionn, `ach más maith leat ábhar gáire a thabhairt dúinn, seo leat'. 🔊
← Ach rinne an Bodach gáire garbh a chuir fearg air agus ansin d'aontaigh sé dul sa rás leis ó Shliabh Luachra na Mumhan go Binn Éadair. 🔊
← Tháinig an bheirt acu go Sliabh Luachra le luí na greine agus le tosú sa rás an mhaidin dar gcionn. 🔊
← Chuaigh an Bodach isteach sa choill agus bhailigh sé adhmaid chun díon a chur suas agus ansin chuir sé luachra air. 🔊
← `Déan do chomhairle fhéin,' arsa an Bodach agus d'imigh sé leis isteach sa choill agus d'ardaigh sé scata de mhuca fiáine. 🔊
← Chuaigh sé go teach Inse Coinn ansin agus sciob sé leis dhá bhairille fíona agus a raibh de arán san áit. 🔊
← `Éirigh, a Bhodaigh,' ar seisean, `tá sé in am dúinn tosú sa rás'. 🔊
← `Má tá deifir ortsa bí ag imeacht agus beidh mé i do dhiaidh.' 🔊
← D'imigh Caol an Iarainn go tromchosach sa rás agus eagla air faoin neamhshuim a rinne an Bodach de. 🔊
← Chuir sé cnámh na muice i mbinn a chóta agus d'imigh sé leis sa tóir ar Chaol an Iarainn mar a bheidh gaoth fhuar na Márta ag teacht ón gcnoc. 🔊
← Tháinig se suas le Caol an Iarainn sa tslí agus chaith se an chámh chuige. 🔊
← `A Bhodaigh', arsa Caol an Iarainn, `d'fhág tú binn do chóta ar na driseacha san áit ar ghabh tú tharam tamall ó shin.' 🔊
← `Muise, gluais leat mar sin,' arsa an Bodach agus d'fhill sé sa tslí go bhfuair sé binn a chóta agus d'fhuaigh sé ar ais é. 🔊
← Níor chuir sé cos amú ansin nó gur tháinig sé suas le Caol an Iarainn in athuair. 🔊
← Nuair a chonaic sé an fear dubh ag teacht i mbéal an chnoic agus sac an chóta lachtna ar a ghualainn rith sé go Fionn á rá go raibh Caol an Iarainn ag teacht agus an Bodach marbh leis. 🔊
← Chuaigh na Fianna i dtreo an Bhodaigh go dtí gur aithin siad é agus bhailigh siad thart air go lúcháireach. 🔊
← Leagadh brat ar an talamh dó agus cuireadh carn mine ina lár. 🔊
← Dhoirt sé an sac sméar isteach sa mhin agus d'ith sé dá lámha é. 🔊
← Níorbh fhada go bhfaca siad Caol an Iarainn chucu, é ar deargbhuile agus a chlaíomh ina láimh. 🔊
← Thóg an Bodach lán a dhoirn den bhia agus thug urchar sa leiceann dó gur chas sé a cheann ar a mhuineál. 🔊
← Leis sin rug an Bodach ar a chorp, thug síos chun na trá é, d'fhág ina shuí istigh sa long é agus a aghaidh siar ar a dhroim. 🔊
← Ansin thug sé cos i ndeireadh na loinge agus chuir seacht léige i bhfarraige í. 🔊
← Ar filleadh do Bhodach an Chóta Lachtna ón trá las gaoth agus grian ina thimpeall agus d'aithin Fionn agus na Fianna gur Manannán Mac Lir a tháinig i gcabhair orthu. 🔊
← Chuir siad fáilte roimhe agus rinne siad fleá agus féasta in onóir dó. 🔊