← Tagann eachtrannach don tír isteach agus é ag iarraidh an áit a chur faoi chíos. 🔊
← Ba é Caoilte an reathaí ab fhearr acu ach ní raibh sé ar an láthair agus chuaigh Fionn á lorg. 🔊
← Ansin d'inis Caoilte an scéal faoi Bhodach an Chóta Lachtna don lucht éisteachta. 🔊
← `Is dóigh liom go bhfuil do dhóthain le déanamh agatsa do chóta, do bhróga is tú fhéin a iompar gan dul i gcomórtas le héinne eile', arsa Fionn, `ach más maith leat ábhar gáire a thabhairt dúinn, seo leat'. 🔊
← `Ní raibh mé riamh gan lucht freastail le bia a sholáthar dom agus ní rachaidh mé ag seilg le do leithéidse anocht,' arsa Caol an Iarainn. 🔊
← `Déan do chomhairle fhéin,' arsa an Bodach agus d'imigh sé leis isteach sa choill agus d'ardaigh sé scata de mhuca fiáine. 🔊
← `A Bhodaigh', arsa Caol an Iarainn, `d'fhág tú binn do chóta ar na driseacha san áit ar ghabh tú tharam tamall ó shin.' 🔊
← Nuair a chonaic sé an fear dubh ag teacht i mbéal an chnoic agus sac an chóta lachtna ar a ghualainn rith sé go Fionn á rá go raibh Caol an Iarainn ag teacht agus an Bodach marbh leis. 🔊
← `Culaith airm agus éide don té a bhéarfaidh scéal níos fearr ná sin chugainn,' arsa Fionn. 🔊
← `Inis do scéal dúinn,' ar siad. 🔊
← Ar filleadh do Bhodach an Chóta Lachtna ón trá las gaoth agus grian ina thimpeall agus d'aithin Fionn agus na Fianna gur Manannán Mac Lir a tháinig i gcabhair orthu. 🔊