← Dúirt an strainséir seo go dtabharfadh sé féin faoin rás a bhí le dul ó Shliabh Luachra na Mumhan go Binn Éadair. 🔊
← `Is mise Caol an Iarainn, mac Rí na Teastáille,' ar sisean go borb. 🔊
← `Maith go leor', arsa Caol an Iarainn. 🔊
← `A Fhinn Mhic Cumhaill, an é go bhfuil tú imithe ar strae anseo. 🔊
← D'inis Fionn dó go raibh sé ar lorg Chaoilte le dul i gcomórtas rásaíochta le Caol an Iarainn. 🔊
← `Is dóigh liom go bhfuil do dhóthain le déanamh agatsa do chóta, do bhróga is tú fhéin a iompar gan dul i gcomórtas le héinne eile', arsa Fionn, `ach más maith leat ábhar gáire a thabhairt dúinn, seo leat'. 🔊
← Ach rinne an Bodach gáire garbh a chuir fearg air agus ansin d'aontaigh sé dul sa rás leis ó Shliabh Luachra na Mumhan go Binn Éadair. 🔊
← `Maith go leor', arsa an Bodach, `déanfaidh mise bothán dom féin, ach is fada amach a bheidh an té nach gcabhróidh liom'. 🔊
← D'imigh Caol an Iarainn go tromchosach sa rás agus eagla air faoin neamhshuim a rinne an Bodach de. 🔊
← `Fan anseo ag ithe sméar go bhfaighe mé é,'ar seisean. 🔊
← `Muise, gluais leat mar sin,' arsa an Bodach agus d'fhill sé sa tslí go bhfuair sé binn a chóta agus d'fhuaigh sé ar ais é. 🔊
← Chrom sé ansin ag baint sméar agus nuair a bhí a dhóthain ite aige bhain sé a chóta de, d'fhuaigh sé an t-íochtar nó go ndearna sé sac de agus líon sé go béal é le sméara dubha. 🔊
← Chuir sé an sac ar a ghualainn agus ghluais sé leis go Binn Éadair. 🔊
← Nuair a chonaic sé an fear dubh ag teacht i mbéal an chnoic agus sac an chóta lachtna ar a ghualainn rith sé go Fionn á rá go raibh Caol an Iarainn ag teacht agus an Bodach marbh leis. 🔊
← Chuaigh na Fianna i dtreo an Bhodaigh go dtí gur aithin siad é agus bhailigh siad thart air go lúcháireach. 🔊
← `Tá ocras orm,' ar seisean, `agus fanaigí go n-íosfaidh mé mo dhóthain sméar agus mine. 🔊
← Níorbh fhada go bhfaca siad Caol an Iarainn chucu, é ar deargbhuile agus a chlaíomh ina láimh. 🔊
← `A Chaoil an Iarainn', ar seisean, `nárbh olc an mhaise duit a cheapadh go mbeadh ard-chíos Éireann agat. 🔊