← Má tá an laoch amháin agaibh atá in ann an lámh in uachtar a fháil ormsa i rith, i gcomhrac nó i gcoraíocht ní dhéanfaidh mé níos mó buartha daoibh ach fillfidh mé ar mo thír féin.' 🔊
← D'inis Fionn dó go raibh sé ar lorg Chaoilte le dul i gcomórtas rásaíochta le Caol an Iarainn. 🔊
← `Muise is duine gan ríocht thú más é Caoilte Mac Rónain an duine is fearr atá agat', arsa an Bodach, `ach dá nglacfá liomsa chloífinn duit é'. 🔊
← `Is dóigh liom go bhfuil do dhóthain le déanamh agatsa do chóta, do bhróga is tú fhéin a iompar gan dul i gcomórtas le héinne eile', arsa Fionn, `ach más maith leat ábhar gáire a thabhairt dúinn, seo leat'. 🔊
← `B'fhearra dhúinn bothán oíche a dhéanamh dúinn féin', arsa Bodach an Chóta Lachtna. 🔊
← `Maith go leor', arsa an Bodach, `déanfaidh mise bothán dom féin, ach is fada amach a bheidh an té nach gcabhróidh liom'. 🔊
← `Ní raibh mé riamh gan lucht freastail le bia a sholáthar dom agus ní rachaidh mé ag seilg le do leithéidse anocht,' arsa Caol an Iarainn. 🔊
← Tháinig Caol an Iarainn chuige ar maidin tar éis dó a bheith amuigh ar thaobh an tsléibhe gan bhia gan chodladh agus dhúisigh sé Bodach. 🔊
← `Éirigh, a Bhodaigh,' ar seisean, `tá sé in am dúinn tosú sa rás'. 🔊
← `Muise ní mór duit deifir a dhéanamh,' arsa an Bodach. 🔊
← `A Chaoil an Iarainn,' ar seisean, `ba cheart duit deifir a dhéanamh más maith leat ard-chíos na hÉireann a fháil, mar ní fhillfidh mise arís.' 🔊
← `Inis do scéal dúinn,' ar siad. 🔊
← Leagadh brat ar an talamh dó agus cuireadh carn mine ina lár. 🔊
← Thóg an Bodach lán a dhoirn den bhia agus thug urchar sa leiceann dó gur chas sé a cheann ar a mhuineál. 🔊
← `A Chaoil an Iarainn', ar seisean, `nárbh olc an mhaise duit a cheapadh go mbeadh ard-chíos Éireann agat. 🔊
← Chuir siad fáilte roimhe agus rinne siad fleá agus féasta in onóir dó. 🔊