← Ar an slí bhuail Fionn le fear gioballach, gágach le cosa fada air. 🔊
← `Beannacht ort, ba dheas linn scéal greannmhar uait', arsa Pádraig. 🔊
← Má tá an laoch amháin agaibh atá in ann an lámh in uachtar a fháil ormsa i rith, i gcomhrac nó i gcoraíocht ní dhéanfaidh mé níos mó buartha daoibh ach fillfidh mé ar mo thír féin.' 🔊
← Ba chosúil le crann seoil loinge gach cos den dá chos a bhí faoi agus ba chosúil le taobh báid gach bróg den dá bhróg a bhí air. 🔊
← D'fhéach Fionn air le hiontas mar ní fhaca sé a leithéid riamh roimhe sin. 🔊
← Ach rinne an Bodach gáire garbh a chuir fearg air agus ansin d'aontaigh sé dul sa rás leis ó Shliabh Luachra na Mumhan go Binn Éadair. 🔊
← `Ní chuirfidh mise saothar botháin orm féin ar Shliabh Luachra ar mhaithe le hoíche amháin,' arsa Caol an Iarainn. 🔊
← Chuaigh an Bodach isteach sa choill agus bhailigh sé adhmaid chun díon a chur suas agus ansin chuir sé luachra air. 🔊
← `Má tá deifir ortsa bí ag imeacht agus beidh mé i do dhiaidh.' 🔊
← D'imigh Caol an Iarainn go tromchosach sa rás agus eagla air faoin neamhshuim a rinne an Bodach de. 🔊
← `Má tá ocras ort cogain ar na cnámha sin,' ar seisean. 🔊
← Chuaigh na Fianna i dtreo an Bhodaigh go dtí gur aithin siad é agus bhailigh siad thart air go lúcháireach. 🔊
← `Tá ocras orm,' ar seisean, `agus fanaigí go n-íosfaidh mé mo dhóthain sméar agus mine. 🔊
← Ar an ábhar sin ligfear d'anam leat má thugann tú an ghrian is an ghealach ort féin cíos na Teasáille a chur chuig Fionn gach bliain.' 🔊
← `Beirim grian is gealach orm féin,' arsa Caol an Iarainn. 🔊
← Ar filleadh do Bhodach an Chóta Lachtna ón trá las gaoth agus grian ina thimpeall agus d'aithin Fionn agus na Fianna gur Manannán Mac Lir a tháinig i gcabhair orthu. 🔊