← Ciallaíonn an téarma seo sa bholg mar tosaíonn na síolta ag bogadh sa chré i mbolg an domhain agus bhítí ag tnúth le torthúileacht an earraigh agus an tsamhraidh. 🔊
← Tá an dá thuairim ann ina taobh. 🔊
← Deir roinnt scoláirí gur pearsa stairiúil a bhí inti a mhair sa chúigiú haois agus tá tuairiscí á scríobh fúithi ón seachtú haois ar aghaidh. 🔊
← Is amhlaidh a dhíol an t-athair an mháthair nuair a fuair sé amach go raibh sí ag iompar clainne. 🔊
← Naomh Pádraig é féin a bhaist í de réir mar a deirtear agus bhí cáil na naofachta uirthi ó bhí sí an-óg. 🔊
← Ní mó ná sásta a bhí a deartháireacha mar bhí siad ag cailleadh amach ar an spré a gheobhaidís dá bpósfadh sí. 🔊
← La dá raibh tháinig fear chuici á lorg mar bhean chéile. 🔊
← Áit naofa ina gcoimeádtaí tine bhuan ar lasadh in omós do sheandia Bríd a bhí anseo. 🔊
← Mná amháin a ceadaíodh in aon ghiorracht den tine agus chuir Bríd fúithi anseo i measc na mban a bhí ag adhradh na seandé. 🔊
← Bhí beirt deirféar aici ar ar tugadh Bríd freisin - Bríd an Leighis agus Bríd na Gaibhneachta. 🔊
← Tá cuma na Críostaíochta air seo sa mhéad is go bhfuil trí phearsa i mBríd. 🔊
← Tá sé suimiúil go ndeirtear gur thosaigh sí scoil ealaíne agus scoil miotalóireachta. 🔊
← Níl aon dabht faoi ach go raibh cáil na naofachta uirthi. 🔊
← Bhí sí an-mhaith do na daoine bochta. 🔊
← Thainig sí go teach a hathar nuair nach raibh sí ach deich mbliana agus thug sí a chlaíomh seodmhar d'fhear bocht a bhí ag dul thar bhráid ionas go bhféadfadh sé é a dhíol agus bia a fháil dó fein. 🔊
← Bhí a máthair i mbun na déiríochta ar fheirm a bhí ag draoi agus nuair a fuair Bríd a seans thug sí gach a raibh d'im san áit do na bochtain. 🔊
← Deirtear gur mhéadaigh Dia an stór ime arís agus nach raibh an draoi thíos lena carthanacht. 🔊
← Is iomaí uair a thug sí leigheas do dhaoine a bhí dall nó a raibh máchail choirp orthu. 🔊
← Is é an scéal is coitianta faoi Naomh Bríd ná an margadh a rinne sí le Rí Laighean chun talamh a fháil dá clochar agus is iomaí leagan den scéal sin atá ar fáil. 🔊
← De réir leagain amháin den scéal bhí cluasa asail ar an rí agus tháinig sé chuici chun iad a leigheas. 🔊
← Dúirt Bríd go ndéanfadh sí amhlaidh ach bhí sí ag lorg paiste talún i gcomhair clochair uaidh. 🔊
← Ba leasc leis an rí an talamh a thabhairt uaidh ach dúirt sí nach raibh sí ach ag lorg an méid talún is a chlúdódh a clóca agus d'aontaigh an rí go dtabharfadh sé an méid sin di. 🔊
← Nuair a dhúisigh sé bhí na cluasa ba dheise riamh air agus shochraigh siad ar chruinniú a bheith acu tamall ina dhiaidh sin chun ceist na talún a réiteach. 🔊
← Bhuail siad le chéile taobh amuigh den áit ina bhfuil baile Chill Dara anois. 🔊
← Ní mó ná sásta a bhí an rí ach ní raibh aon dul as aige ach beart a dhéanamh de réir a bhriathair. 🔊
← Bhí stíleanna éagsúla ann chun na croiseanna a dhéanamh ach glactar leis an gceann a thóg RTÉ mar shuaitheantas an ceann is mó cáil na laethanta seo. 🔊
← Feictear Cros Bhríde i dtithe go fóill agus is minic a bhronntar ceann ar theaghlach atá tar éis bogadh isteach i dteach nua. 🔊
← Suas go dtí an lá atá inniu ann téann cailíní beaga timpeall ó theach go teach agus iad gléasta suas le clócaí agus cochaill agus bábóg á hiompar acu. 🔊
← Tugtar milseáin nó airgead dóibh agus bíonn cóisir bheag acu ina dhiaidh. 🔊
← Tá an nós seo cosúil le Lá an Dreoilín ach is cailíní amháin a théann amach. 🔊
← Théadh daoine go tobar beannaithe Bríde don fhéile agus thógaidís uisce ón tobar abhaile leo le haghaidh na páirceanna a bheannú ionas go mbeadh rath ar na hainmhithe agus ar na barraí sa bhliain a bhí le teacht. 🔊
← D'fhágaidís píosaí éadaí in aice leis an tobar dá mbeidís ag iarraidh achainí ar Bhríd. 🔊
← Ar ndóigh tá an nós seo chomh sean leis na cnoic. 🔊
← Bean a bhí an-tábhachtach i saol na hÉireann ba ea Bríd is cuma Bríd na Págánachta nó Bríd na Críostaíochta atá i gceist. 🔊
← Ní haon ionadh mar sin go nglactar léi mar sin mar dhuine de thriúr naomh na hÉireann - Pádraig, Bríd is Colmcille, agus is tráthúil é go mbeadh lá saoire poiblí againn ina honóir ar deireadh. 🔊