← Thugtaí Imbolc ar an bhféile seo roimh theacht na Críostaíostaíochta agus ba cheann de mhórfhéilte na bliana í. 🔊
← Chaith Bríd tamall de bhlianta ag dul thart ar mhainistreacha éagsúla i lár tíre sular shocraigh sí i gCill Dara. 🔊
← Thainig sí go teach a hathar nuair nach raibh sí ach deich mbliana agus thug sí a chlaíomh seodmhar d'fhear bocht a bhí ag dul thar bhráid ionas go bhféadfadh sé é a dhíol agus bia a fháil dó fein. 🔊
← Deirtí gur choimeád an chros an teach sábhailte ó thine don bhliain. 🔊
← Théadh daoine go tobar beannaithe Bríde don fhéile agus thógaidís uisce ón tobar abhaile leo le haghaidh na páirceanna a bheannú ionas go mbeadh rath ar na hainmhithe agus ar na barraí sa bhliain a bhí le teacht. 🔊