← Glactar leis seo mar an chéad lá den earrach, tráth a dtosaíonn an ghile ag fáil an ceann is fearr ar dhorchadas an gheimhridh. 🔊
← Thugtaí Imbolc ar an bhféile seo roimh theacht na Críostaíostaíochta agus ba cheann de mhórfhéilte na bliana í. 🔊
← De réir na dtuairiscí seo rugadh í i bhFochaird gar do Dhún Dealgan in 451. 🔊
← Naomh Pádraig é féin a bhaist í de réir mar a deirtear agus bhí cáil na naofachta uirthi ó bhí sí an-óg. 🔊
← Chaith Bríd tamall de bhlianta ag dul thart ar mhainistreacha éagsúla i lár tíre sular shocraigh sí i gCill Dara. 🔊
← Mná amháin a ceadaíodh in aon ghiorracht den tine agus chuir Bríd fúithi anseo i measc na mban a bhí ag adhradh na seandé. 🔊
← Ceaptar gur tógadh cuid mhaith de na tréithe a bhain leis an sean-dia, nó tréithe na dtrí phearsa a bhain léi, agus gur leagadh ar Naomh Bríd na Críostaíochta iad. 🔊
← Is é an scéal is coitianta faoi Naomh Bríd ná an margadh a rinne sí le Rí Laighean chun talamh a fháil dá clochar agus is iomaí leagan den scéal sin atá ar fáil. 🔊
← De réir leagain amháin den scéal bhí cluasa asail ar an rí agus tháinig sé chuici chun iad a leigheas. 🔊
← Bhuail siad le chéile taobh amuigh den áit ina bhfuil baile Chill Dara anois. 🔊
← Ní mó ná sásta a bhí an rí ach ní raibh aon dul as aige ach beart a dhéanamh de réir a bhriathair. 🔊
← Ní haon ionadh mar sin go nglactar léi mar sin mar dhuine de thriúr naomh na hÉireann - Pádraig, Bríd is Colmcille, agus is tráthúil é go mbeadh lá saoire poiblí againn ina honóir ar deireadh. 🔊