Is é an chéad lá d'Fheabhra Lá Fhéile Bríde, nó Muire na nGael mar a thugtar uirthi. 🔊 Glactar leis seo mar an chéad lá den earrach, tráth a dtosaíonn an ghile ag fáil an ceann is fearr ar dhorchadas an gheimhridh. 🔊 Titeann an fhéile leath slí idir grianstad an gheimhridh agus cónocht an earraigh. 🔊 Thugtaí Imbolc ar an bhféile seo roimh theacht na Críostaíostaíochta agus ba cheann de mhórfhéilte na bliana í. 🔊 Ciallaíonn an téarma seo sa bholg mar tosaíonn na síolta ag bogadh sa chré i mbolg an domhain agus bhítí ag tnúth le torthúileacht an earraigh agus an tsamhraidh. 🔊
Tá an dá thuairim ann ina taobh. 🔊 Deir roinnt scoláirí gur pearsa stairiúil a bhí inti a mhair sa chúigiú haois agus tá tuairiscí á scríobh fúithi ón seachtú haois ar aghaidh. 🔊 De réir na dtuairiscí seo rugadh í i bhFochaird gar do Dhún Dealgan in 451. 🔊 Ba sclábhaí í a máthair agus ba thaoiseach ar Laighin é a hathair. 🔊 Is amhlaidh a dhíol an t-athair an mháthair nuair a fuair sé amach go raibh sí ag iompar clainne. 🔊 Mar sin is mar sclábhaí a rugadh Naomh Bríd. 🔊 Naomh Pádraig é féin a bhaist í de réir mar a deirtear agus bhí cáil na naofachta uirthi ó bhí sí an-óg. 🔊
Bheartaigh sí gan phósadh agus a saol a chaitheamh mar bhean rialta. 🔊 Ní mó ná sásta a bhí a deartháireacha mar bhí siad ag cailleadh amach ar an spré a gheobhaidís dá bpósfadh sí. 🔊 La dá raibh tháinig fear chuici á lorg mar bhean chéile. 🔊 Dhiúltaigh sí é ach dúirt sí leis dul isteach sa choill agus go mbuailfeadh sé leis an gcailín ba dheise agus ba áille riamh agus go bpósfadh sí é. 🔊 Ar ndóigh rinne sé amhlaidh agus thit gach rud amach mar a dúirt sí go dtitfeadh. 🔊
Chaith Bríd tamall de bhlianta ag dul thart ar mhainistreacha éagsúla i lár tíre sular shocraigh sí i gCill Dara. 🔊 Áit naofa ina gcoimeádtaí tine bhuan ar lasadh in omós do sheandia Bríd a bhí anseo. 🔊 Mná amháin a ceadaíodh in aon ghiorracht den tine agus chuir Bríd fúithi anseo i measc na mban a bhí ag adhradh na seandé. 🔊 Deirtear gur ghlac sí leis an sean-nósmhaireacht agus gur leag sí brí Chríostúil anuas air. 🔊 Ach cérbh í an tsean-Bhríd? 🔊
Ba dhia a bhain leis an Tuatha Dé Danann í. 🔊 Bhí beirt deirféar aici ar ar tugadh Bríd freisin - Bríd an Leighis agus Bríd na Gaibhneachta. 🔊 Ba dhia na filíochta agus na saíochta í Bríd. 🔊 Tá cuma na Críostaíochta air seo sa mhéad is go bhfuil trí phearsa i mBríd. 🔊 Thugtaí omós di ag toibreacha beannaithe timpeall na tíre agus sna críocha ceilteacha ar fad. 🔊 Chrochtaí éadach ar chrainn in aice leis an tobar chun achainí a iarraidh ar Bhríd. 🔊
Ceaptar gur tógadh cuid mhaith de na tréithe a bhain leis an sean-dia, nó tréithe na dtrí phearsa a bhain léi, agus gur leagadh ar Naomh Bríd na Críostaíochta iad. 🔊 Tá sé suimiúil go ndeirtear gur thosaigh sí scoil ealaíne agus scoil miotalóireachta. 🔊 Níl aon dabht faoi ach go raibh cáil na naofachta uirthi. 🔊 Bhí sí an-mhaith do na daoine bochta. 🔊 Thainig sí go teach a hathar nuair nach raibh sí ach deich mbliana agus thug sí a chlaíomh seodmhar d'fhear bocht a bhí ag dul thar bhráid ionas go bhféadfadh sé é a dhíol agus bia a fháil dó fein. 🔊
Bhí a máthair i mbun na déiríochta ar fheirm a bhí ag draoi agus nuair a fuair Bríd a seans thug sí gach a raibh d'im san áit do na bochtain. 🔊 Deirtear gur mhéadaigh Dia an stór ime arís agus nach raibh an draoi thíos lena carthanacht. 🔊 Is iomaí uair a thug sí leigheas do dhaoine a bhí dall nó a raibh máchail choirp orthu. 🔊
Is é an scéal is coitianta faoi Naomh Bríd ná an margadh a rinne sí le Rí Laighean chun talamh a fháil dá clochar agus is iomaí leagan den scéal sin atá ar fáil. 🔊 De réir leagain amháin den scéal bhí cluasa asail ar an rí agus tháinig sé chuici chun iad a leigheas. 🔊 Dúirt Bríd go ndéanfadh sí amhlaidh ach bhí sí ag lorg paiste talún i gcomhair clochair uaidh. 🔊 Ba leasc leis an rí an talamh a thabhairt uaidh ach dúirt sí nach raibh sí ach ag lorg an méid talún is a chlúdódh a clóca agus d'aontaigh an rí go dtabharfadh sé an méid sin di. 🔊 Thosaigh sí ag paidireoireacht agus thit tromchodladh ar an rí. 🔊 Nuair a dhúisigh sé bhí na cluasa ba dheise riamh air agus shochraigh siad ar chruinniú a bheith acu tamall ina dhiaidh sin chun ceist na talún a réiteach. 🔊 Bhuail siad le chéile taobh amuigh den áit ina bhfuil baile Chill Dara anois. 🔊 Dúirt an rí léi a clóca a leathadh amach. 🔊 Rinne sí amhlaidh agus lean an clóca ag leathadh amach nó gur chlúdaigh sé an Currach ar fad. 🔊 Ní mó ná sásta a bhí an rí ach ní raibh aon dul as aige ach beart a dhéanamh de réir a bhriathair. 🔊
Cros Bhríde. 🔊 Ba ghnách don teaghlach Cros Bhríde a dhéanamh, í a bheannú le paidreacha agus uisce coisricthe. 🔊 Deirtí gur choimeád an chros an teach sábhailte ó thine don bhliain. 🔊 Bhí stíleanna éagsúla ann chun na croiseanna a dhéanamh ach glactar leis an gceann a thóg RTÉ mar shuaitheantas an ceann is mó cáil na laethanta seo. 🔊 Feictear Cros Bhríde i dtithe go fóill agus is minic a bhronntar ceann ar theaghlach atá tar éis bogadh isteach i dteach nua. 🔊
Béile Bhríde. 🔊 Ba nós le daoine béile le prátaí, im agus cabáiste a chaitheamh le chéile tar éis dóibh na crosa a dhéanamh. 🔊
Na Brídeoga. 🔊 Suas go dtí an lá atá inniu ann téann cailíní beaga timpeall ó theach go teach agus iad gléasta suas le clócaí agus cochaill agus bábóg á hiompar acu. 🔊 Tugtar milseáin nó airgead dóibh agus bíonn cóisir bheag acu ina dhiaidh. 🔊 Tá an nós seo cosúil le Lá an Dreoilín ach is cailíní amháin a théann amach. 🔊 Buachaillí is mó a théadh ar an dreoilín. 🔊
Toibreacha Beannaithe. 🔊 Théadh daoine go tobar beannaithe Bríde don fhéile agus thógaidís uisce ón tobar abhaile leo le haghaidh na páirceanna a bheannú ionas go mbeadh rath ar na hainmhithe agus ar na barraí sa bhliain a bhí le teacht. 🔊 D'fhágaidís píosaí éadaí in aice leis an tobar dá mbeidís ag iarraidh achainí ar Bhríd. 🔊 Ar ndóigh tá an nós seo chomh sean leis na cnoic. 🔊
Bean a bhí an-tábhachtach i saol na hÉireann ba ea Bríd is cuma Bríd na Págánachta nó Bríd na Críostaíochta atá i gceist. 🔊 Bean dhána na ndán, an dóchais agus na carthanachta í. 🔊 Naomh nó dia na mban í thar aon ní eile. 🔊 Ní haon ionadh mar sin go nglactar léi mar sin mar dhuine de thriúr naomh na hÉireann - Pádraig, Bríd is Colmcille, agus is tráthúil é go mbeadh lá saoire poiblí againn ina honóir ar deireadh. 🔊