← Thugtaí omós di ag toibreacha beannaithe timpeall na tíre agus sna críocha ceilteacha ar fad. 🔊
← Chrochtaí éadach ar chrainn in aice leis an tobar chun achainí a iarraidh ar Bhríd. 🔊
← Toibreacha Beannaithe. 🔊
← Théadh daoine go tobar beannaithe Bríde don fhéile agus thógaidís uisce ón tobar abhaile leo le haghaidh na páirceanna a bheannú ionas go mbeadh rath ar na hainmhithe agus ar na barraí sa bhliain a bhí le teacht. 🔊
← D'fhágaidís píosaí éadaí in aice leis an tobar dá mbeidís ag iarraidh achainí ar Bhríd. 🔊