← Agus chonaic mé firín beag saoithiúil amach agus amach agus é ag amharc orm go stuama. 🔊✎
← Ina dhiaidh sin, níor amharc an firín seo agam mar a bheadh sé ar seachrán, ná marbh tuirseach, ná stiúgtha leis an ocras, ná spalptha le tart, ná eagla a chraicinn bheith air. 🔊✎
← Ach ansin chuimhnigh mé gurb iad na rudaí is mó a bhí foghlamtha agam tíreolas, stair, uimhríocht agus gramadach agus dúirt mé leis an bhfirín beag (agus beagán drochspionn orm) nach raibh mé in ann líníocht a dhéanamh. 🔊✎
← Agus bhí mo sháith iontais orm nuair a thug an firín seo de fhreagra orm: oo Ní hea! 🔊