← Ní thuigeann na daoine móra rud ar bith uathu féin in am ar bith, agus tá sé tuirsiúil agus páistí bheith i gcónaí ag míniú rudaí dóibh. 🔊✎
← Mar sin, bhí orm ceird eile a tharraingt orm féin agus d'fhghlaim mé le bheith i mo phíolóta eitleáin. 🔊✎
← Agus bhíodh an duine mór sin thar a bheith sásta gur chas sé le duine chomh ciallmhar liom féin. 🔊✎
← Ach ar ndóigh níl mo phictiúr baol ar bheith chomh hálainn leis féin. 🔊✎
← Chuir na daoine móra beaguchtach orm maidir le bheith i mo phéintéir, nuair a bhí mé sé bliana d'aois, agus níor fhoghlaim mé le haon rud a líniú, seachas boanna dúnta agus boanna oscailte. 🔊✎
← Ina dhiaidh sin, níor amharc an firín seo agam mar a bheadh sé ar seachrán, ná marbh tuirseach, ná stiúgtha leis an ocras, ná spalptha le tart, ná eagla a chraicinn bheith air. 🔊✎