← Seo mar a bhí sé: Thaispeáin mé an sárshaothar seo liom do na daoine móra agus d'fhiafraigh mé díbh ar chuir mo phictiúr eagla orthu. 🔊
← Mar sin rinne mé pictiúr den taobh istigh de nathair boa, sa chaoi go bhféadfadh na daoine móra é a thuiscint. 🔊✎
← Seo mar a bhí mo phictiúr uimhir a dó: Dúirt na daoine móra na pictiúir de nathracha boa, ar oscailt nó dúnta, a fhágáil i leataobh, agus luí isteach ina áit sin le mo cheachtanna tíreolais, stair, uimhríochta agus gramadaí.
← Ní thuigeann na daoine móra rud ar bith uathu féin in am ar bith, agus tá sé tuirsiúil agus páistí bheith i gcónaí ag míniú rudaí dóibh. 🔊✎
← Sa dóigh sin, ba mhinic mé ag plé i rith mo shaoil le daoine tromchúiseacha. 🔊✎
← Chaith mé cuid mhór de mo shaol i measc daoine móra. 🔊✎
← Nuair a chasainn le duine acu a shíl mé a raibh beagán tuigbheála aige, thriailinn air an pictiúr uimhir a haon sin agam, mar choinnigh mé agam riamh é. Theastaigh uaim a fháil amach ar thuig sé dáiríre. 🔊
← Agus bhíodh an duine mór sin thar a bheith sásta gur chas sé le duine chomh ciallmhar liom féin. 🔊✎
← II \\ Chaith mé mo shaol i m'aonar mar sin, gan duine ar bith agam le mo chaint a dhéanamh leis dáiríre, go dtí an lá a tháinig mé anuas i ngaineamhlach an tSahára. 🔊
← Bhí é chomh scartha amach le duine ar briseadh a long agus é ar rafta i lár na farraige móire. 🔊✎
← Chuir na daoine móra beaguchtach orm maidir le bheith i mo phéintéir, nuair a bhí mé sé bliana d'aois, agus níor fhoghlaim mé le haon rud a líniú, seachas boanna dúnta agus boanna oscailte. 🔊✎
← Ná déanaigí dearmad go rabih mé míle míle ar shiúl ó aon chónaí daoine. 🔊✎
← Ní raibh cuma dá laghad air gur páiste é a bhí caillte sa bhfásach, míle míle ó aon chónaí daoine. 🔊✎
← Cuma cé chomh hamaideach agus a bhí sé, dar liom míle míle ar shiúl ó aon chónaí daoine agus mé i mbaol báis, tharraing mé amach as mo phóca duille pháipéir agus peann easa. 🔊✎