← Nuair a bhain sé an chéad cheann thosaigh an fraoch ag feo; leis an dara ceann tháinig dath donn ar an bhféar; leis an tríú ceann tháinig teas isteach sna crainn agus sna coillte; leis an gceathrú ceann d'éirigh deatach ó na crainn; leis an gcúigiú ceann tháinig dath na fola ar an dúiche; leis an séú ceann spréach sé ach leis an seachtú ceann bhí an lasóg sa bharrach ó cheann ceann na háite. 🔊✎
← Nochtaíodh tairngreacht do Bhalor gurbh é an chríoch a bheadh leis ná go maródh mac a iníne é. Ní raibh aige ach iníon amháin, Ethniú, agus lena chinntiú nach mbeadh aon mhac aici chuir sé í i ndún sa Tor Mó,r an bheann ba airde agus ba dheacra ionsaí ar oirthear Thoraigh. 🔊
← D'fhás Ethniú suas ina girseach chaoin álainn nár leag súil ar fhear riamh. 🔊✎
← Thosaigh sí ag cur spéise sna hainmhithe gruaigeacha a d'fheicfeadh sí sna curacha ag iascach fan oileán ach ní déarfadh aon bhuime di cén neach saolta a bhí sna báid. 🔊✎
← Mar ba dhual dó lean Balor air lena chreacha agus thógadh sé ainmhithe agus sclábhaithe ón mórthír isteach go Toraigh. 🔊✎
← Thug Mac Ceannfhaola an bhó do Mhac Sambthainn fad a bhí sé féin ag dul isteach sa cheárta. 🔊✎
← D'iompaigh sé é féin isteach ina stócach deas rua agus chuaigh sé chun cainte le Mac Sambthainn. 🔊✎
← D'inis sé dó gur chuala sé an bheirt deartháir sa cheárta a rá go ndéanfaidís sleá do Mac Sambthainn as iarann agus go n-úsáidís gach a raibh de chruach a bhí sa cheárta chun sleá galánta a dhéanamh do Mhac Ceannfhaola. 🔊✎
← D'fhág sé an rópa leis an stócach agus isteach leis sa cheárta. 🔊✎
← D'ardaigh Balor an bhó leis le luas lasrach agus bhí sí istigh i lár Thoraigh aige sular tháinig na deartháireacha amach. 🔊✎
← Lena seo a dhéanamh ghléas sí Mac Ceannfhaola suas mar ghirseach agus d'ardaigh sí é i mbéal stoirme agus isteach go dtí an Túr Mór áit a raibh iníon Bhalor, Ethniú, ag cur fúithi. 🔊✎
← D'éiligh Birage cead isteach a rá go raibh bean uasal aici a shabháil sí ó fhathach mór a bhí á fuadach. 🔊✎
← Bhí eagla ar na buimí an t-eiteach a thabhairt do bhean de mhuintir na Sí agus scaoileadh isteach iad. 🔊✎
← Tar éis trí ráithe rugadh triúr mac d'Ethniú sa Túr Mór ach nuair a chuala Balor é seo d'ordaigh sé go mbáfaí iad. 🔊✎
← Ceanglaíodh isteach i mbraillín iad agus tugadh iad go poll súraic amach ón chósta faoi mar a d'ordaigh Balor. 🔊✎
← Thit an dealg a bhí á gceangal sa bhraillín amach agus thit na leanaí isteach san uisce. 🔊✎
← Níor bádh an páiste a chuaigh go tóin poill, áfach, mar thug Birage ar ais faoin uisce é go dtí an mhórthír agus thug sí dá athair é. Chuir seisean ar altranas go dtí a dheartháir Gabhida é mar ar múineadh ceird na gaibhneachta dó. 🔊
← D'inis an Draoi do Bhalor gurbh é Mac Ceannfhaola athair na bpáistí. 🔊✎
← Ar a chlos sin dó bhailigh sé chuige a chuid laochra agus thug aghaidh ar an mhórthír. 🔊✎
← Tar éis dó Mac Ceannfhaola agus a mhuintir a mharú cheap Balor go bhféadfadh sé an ceann ab fhearr a fháil ar an tairngreacht agus thugadh sé cuairt ar an mórthír agus ar cheárta Ghobniú . 🔊
← D'éirigh Balor an-cheanúil ar an stócach óg. 🔊✎
← D'fhan an stócach lena sheans agus nuair a bhí droim Bhalor leis chuir sé iarann dearg te go feirc trína shúil ar chúl a chinn agus amach trína shúil nimhneach. 🔊✎