← Is ar oileán Thoraigh a bhí a dhún ag Balor. 🔊✎
← Ba chosúil le Cioclóip na Gréige é sa mhéad is go raibh súil amháin aige i lár a éadain agus bhí an dara súil aige ar chúl a chinn. 🔊✎
← Cé gur leor straicfhéachaint ón tsúil ar chúl a chinn chun duine a mharú ba mhíle uair níos measa an tsúil eile - an tsúil nimhneach mar a thugtaí uirthi. 🔊
← Thóg sé ceathrar fear le mogall na súile sin a ardú ach choimeádtaí seacht mbindealán thairistí chun an saol a chosaint uirthi. 🔊✎
← Ceann ar cheann bhain Balor na clúdaigh dá shúil. 🔊✎
← Ba Rí nó dia é Balor ar mhuintir na Fothmhuire. 🔊✎
← Dream a tháinig ó íochtar na farraige isteach ba ea na Fothmhuireáin agus dheinidís creach agus círéib ar thailte na hÉireann. 🔊✎
← Nochtaíodh tairngreacht do Bhalor gurbh é an chríoch a bheadh leis ná go maródh mac a iníne é. Ní raibh aige ach iníon amháin, Ethniú, agus lena chinntiú nach mbeadh aon mhac aici chuir sé í i ndún sa Tor Mó,r an bheann ba airde agus ba dheacra ionsaí ar oirthear Thoraigh. 🔊
← Chuir sé dhá dhuime déag i gceannas uirthi. 🔊
← D'fhás Ethniú suas ina girseach chaoin álainn nár leag súil ar fhear riamh. 🔊✎
← Mar ba dhual dó lean Balor air lena chreacha agus thógadh sé ainmhithe agus sclábhaithe ón mórthír isteach go Toraigh. 🔊✎
← Ba é an Taoiseach ar na Tulacha Beigile, ceantar atá idir Gort a'Choirce agus Gaoth Dobhair, ná Mac Ceannfhaola. 🔊✎
← Bhí an bhó bhainne ab fhearr riamh aige seo ar ar tugadh Glas Gaibhnenn. 🔊✎
← Ní dhéanfadh sé sos ná staonadh go bhfaigheadh sé greim uirthi. 🔊✎
← Bhí Balor ag faire air seo agus thapaidh sé an deis. 🔊✎
← Phléasc Mac Sambthainn le teann feirge agus chuir sé gach mallacht faoin spéir ar a dheartháireacha. 🔊✎
← Port na Glaise nó Poirtín Ghlais atá fós ar an bport inar tugadh an bhó isteach ar an oileán. 🔊✎
← Chuaigh Mac Ceannfhaola chuig an Draoi le féachaint an mbeadh aon seans aige an bhó a fháil ar ais. 🔊✎
← Dúirt an Draoi leis nach bhfaigheadh sé ar ais go brách í fad a bhí Balor beo. 🔊✎
← Bheadh eagla ar aon duine dul in aice le Balor ar eagla go leagfadh sé súil orthu. 🔊✎
← Bhí eagla ar na buimí an t-eiteach a thabhairt do bhean de mhuintir na Sí agus scaoileadh isteach iad. 🔊✎
← Thug Birage Mac Ceannfhaola amach arís agus ar ais go dtí an mhórthír. 🔊✎
← Chuaigh duine acu go tóin poill láithreach ach fuarthas an bheirt eile ar ais. 🔊✎
← Níor bádh an páiste a chuaigh go tóin poill, áfach, mar thug Birage ar ais faoin uisce é go dtí an mhórthír agus thug sí dá athair é. Chuir seisean ar altranas go dtí a dheartháir Gabhida é mar ar múineadh ceird na gaibhneachta dó. 🔊
← Ar a chlos sin dó bhailigh sé chuige a chuid laochra agus thug aghaidh ar an mhórthír. 🔊✎
← Rug duine de na laochra greim gruaige air, duine eile greim láimhe agus an tríú duine greim coise agus síneadh é thar chloch mhór mar ar bhain Balor an cloigeann de le haon bhuile amháin dá shleá. 🔊✎
← Cloch Cheannfhaola a tugadh ar an chloch ar ar maraíodh Mac Ceannfhaola agus sin é an t-ainm atá ar an pharóiste fós. 🔊✎
← Tar éis dó Mac Ceannfhaola agus a mhuintir a mharú cheap Balor go bhféadfadh sé an ceann ab fhearr a fháil ar an tairngreacht agus thugadh sé cuairt ar an mórthír agus ar cheárta Ghobniú . 🔊
← D'éirigh Balor an-cheanúil ar an stócach óg. 🔊✎
← Bhí a fhios ag an stócach céarbh é a athair féin agus bhí scéal a bháis aige ach ní raibh a fhios aige cé a mharaigh é. Lá amháin tháinigh Balor go dtí an ceárta agus thárla go raibh Gobniú ar shiúl ag an am. 🔊
← D'fhan an stócach lena sheans agus nuair a bhí droim Bhalor leis chuir sé iarann dearg te go feirc trína shúil ar chúl a chinn agus amach trína shúil nimhneach. 🔊✎
← Thit Balor ina phléist ar an láthair agus dhoirt a chuid fola amach trína shúil nó go ndearna loch de. 🔊