← Ina dhiaidh sin ní féidir leo bogadh agus caitheann siad sé mhí ina gcodladh agus í á díleá acu." 🔊✎
← Chuir sin ag machnamh mé ar na heachtraí a tharlaíonn sa dufair agus d'éirigh liomsa chomh maith mo chéad phictiúr a tharraingt, le pionsail daite. 🔊✎
← Mar sin rinne mé pictiúr den taobh istigh de nathair boa, sa chaoi go bhféadfadh na daoine móra é a thuiscint. 🔊✎
← Seo mar a bhí mo phictiúr uimhir a dó: Dúirt na daoine móra na pictiúir de nathracha boa, ar oscailt nó dúnta, a fhágáil i leataobh, agus luí isteach ina áit sin le mo cheachtanna tíreolais, stair, uimhríochta agus gramadaí. 🔊
← Mar sin, bhí orm ceird eile a tharraingt orm féin agus d'fhghlaim mé le bheith i mo phíolóta eitleáin. 🔊✎
← Tá sé sin an-úsáideach, má théann tú ar seachrán san oíche. 🔊✎
← Níorbh fhearrde sin an bharúil a bhí agam díobh. 🔊✎
← Nuair a chasainn le duine acu a shíl mé a raibh beagán tuigbheála aige, thriailinn air an pictiúr uimhir a haon sin agam, mar choinnigh mé agam riamh é. Theastaigh uaim a fháil amach ar thuig sé dáiríre. 🔊
← Níor luaigh mé nathracha boa leis mar sin, ná foraoiseacha anaithnide ná réaltaí. 🔊✎
← II \\ Chaith mé mo shaol i m'aonar mar sin, gan duine ar bith agam le mo chaint a dhéanamh leis dáiríre, go dtí an lá a tháinig mé anuas i ngaineamhlach an tSahára. 🔊
← An chéad oíche mar sin chuaigh mé a chodladh ar an ghaineamh míle míle ar shiúl ó chónaí daonna. 🔊✎
← Samhlaigí daoibh féin mar sin an t-ionadh a bhí orm, ag breacadh an lae, nuair a mhúscail glór beag aisteach mé. 🔊✎
← Mar sin, d'amharc mé ar an bhfís seo romham agus mo dhá shúil ar bior le hiontas. 🔊✎
← Ina dhiaidh sin, níor amharc an firín seo agam mar a bheadh sé ar seachrán, ná marbh tuirseach, ná stiúgtha leis an ocras, ná spalptha le tart, ná eagla a chraicinn bheith air. 🔊✎
← Nuair a bhíonn cúrsaí chomh diamhrach sin, ní bheadh sé de dhánaíocht ionat gan rud a dhéanamh air. 🔊✎
← Mar sin, thosaigh mé ag tarraingt. 🔊✎
← Níl sí chomh beag sin uilig... Féach! 🔊