Nuair a bhí mé sé bliana d'aois, chonaic mé, uair amháin, pictiúr iontach i leabhar i dtaobh na foraoise darbh ainm "Scéalta fíora." 🔊✎ Séard a bhí ann nathair den chineál a dtugtar boa uirthi agus ainmhí á shlogadh aici. 🔊✎ Sin cóip den phictiúr sin thuas. 🔊✎
Dúradh sa leabhar: "Slogann na nathracha boa a gcreach d'aon ailp amháin, gan í a chogaint. 🔊✎ Ina dhiaidh sin ní féidir leo bogadh agus caitheann siad sé mhí ina gcodladh agus í á díleá acu." 🔊✎
Chuir sin ag machnamh mé ar na heachtraí a tharlaíonn sa dufair agus d'éirigh liomsa chomh maith mo chéad phictiúr a tharraingt, le pionsail daite. 🔊✎ Mo phictiúr uimhir a haon. 🔊✎ Seo mar a bhí sé:
Thaispeáin mé an sárshaothar seo liom do na daoine móra agus d'fhiafraigh mé díbh ar chuir mo phictiúr eagla orthu. 🔊
D'fhreagair siad: "Cén fáth a gcuirfeadh hata eagla orm?" 🔊✎ Ní hata a bhí i mo phictiúr. 🔊✎ Pictiúr ab ea é de nathair boa agus eilifint á díleá aici. 🔊✎ Mar sin rinne mé pictiúr den taobh istigh de nathair boa, sa chaoi go bhféadfadh na daoine móra é a thuiscint. 🔊✎ Bíonn míniú de dhíth orthu i gcónaí. 🔊✎ Seo mar a bhí mo phictiúr uimhir a dó:
Dúirt na daoine móra na pictiúir de nathracha boa, ar oscailt nó dúnta, a fhágáil i leataobh, agus luí isteach ina áit sin le mo cheachtanna tíreolais, stair, uimhríochta agus gramadaí. 🔊 Sin mar a tharla gur thug mé suas do shaol breá péintéara, agus gan mé ach sé bliana d'aois. 🔊✎ Chuir sé beaguchtach orm an chaoi ar theip ar mo phictiúr uimhir a haon agus mo phictiúr uimhir a dó. 🔊✎ Ní thuigeann na daoine móra rud ar bith uathu féin in am ar bith, agus tá sé tuirsiúil agus páistí bheith i gcónaí ag míniú rudaí dóibh. 🔊✎
Mar sin, bhí orm ceird eile a tharraingt orm féin agus d'fhghlaim mé le bheith i mo phíolóta eitleáin. 🔊✎ D'eitil mé ar fud an domhain mhóir. 🔊✎ Agus ceart go leor, ba mhór an cuidiú dom an tíreolas. 🔊✎ Bhí mé in ann, d'aon amharc amháin, an tSín a aithint ó Arizona. 🔊✎ Tá sé sin an-úsáideach, má théann tú ar seachrán san oíche. 🔊✎
Sa dóigh sin, ba mhinic mé ag plé i rith mo shaoil le daoine tromchúiseacha. 🔊✎ Chaith mé cuid mhór de mo shaol i measc daoine móra. 🔊✎ Chonaic mé iad agus mé i ngar dóibh. 🔊✎ Níorbh fhearrde sin an bharúil a bhí agam díobh. 🔊✎
Nuair a chasainn le duine acu a shíl mé a raibh beagán tuigbheála aige, thriailinn air an pictiúr uimhir a haon sin agam, mar choinnigh mé agam riamh é. Theastaigh uaim a fháil amach ar thuig sé dáiríre. 🔊 Ach deireadh sé liom i gcónaí: "Is hata é." 🔊 Níor luaigh mé nathracha boa leis mar sin, ná foraoiseacha anaithnide ná réaltaí. 🔊✎ Labhair mé leis fá dtaobh de bheiriste, de ghalf, de pholaitíocht agus de charbhait. 🔊✎ Agus bhíodh an duine mór sin thar a bheith sásta gur chas sé le duine chomh ciallmhar liom féin. 🔊✎
Chaith mé mo shaol i m'aonar mar sin, gan duine ar bith agam le mo chaint a dhéanamh leis dáiríre, go dtí an lá a tháinig mé anuas i ngaineamhlach an tSahára. 🔊 Rud éigin a bhris in inneall m'eitleáin. 🔊✎ Agus ó tharla nach raibh meicneoir liom, ná paisinéirí, thug mé faoin rud a chóiriú arm o chonlán féin, cé go raibh sé deacair. 🔊✎ Ceist beatha nó báis a bhí ann dom. 🔊✎ Is ar éigean a bhí a oiread uisce agam agus a choinneodh ag ól mé go ceann ocht lá. 🔊✎
An chéad oíche mar sin chuaigh mé a chodladh ar an ghaineamh míle míle ar shiúl ó chónaí daonna. 🔊✎ Bhí é chomh scartha amach le duine ar briseadh a long agus é ar rafta i lár na farraige móire. 🔊✎ Samhlaigí daoibh féin mar sin an t-ionadh a bhí orm, ag breacadh an lae, nuair a mhúscail glór beag aisteach mé. 🔊✎ Séard a dúirt sé... 🔊✎
Le do thoil, dean pictiúr do chaora dom! 🔊
Léim mé i mo sheasamh mar a bhuailfí le splanc tintrí mé. 🔊 Chuimil mé mo shúile go maith. 🔊✎ Bhreathnaigh mé go maith. 🔊✎ Agus chonaic mé firín beag saoithiúil amach agus amach agus é ag amharc orm go stuama. 🔊✎ Seo thall an phortráid is fearr dár éirigh liom a dhéanamh de, níos moille. 🔊✎ Ach ar ndóigh níl mo phictiúr baol ar bheith chomh hálainn leis féin. 🔊✎ Ní ormsa atá an locht. 🔊✎ Chuir na daoine móra beaguchtach orm maidir le bheith i mo phéintéir, nuair a bhí mé sé bliana d'aois, agus níor fhoghlaim mé le haon rud a líniú, seachas boanna dúnta agus boanna oscailte. 🔊✎
Mar sin, d'amharc mé ar an bhfís seo romham agus mo dhá shúil ar bior le hiontas. 🔊✎ Ná déanaigí dearmad go rabih mé míle míle ar shiúl ó aon chónaí daoine. 🔊✎ Ina dhiaidh sin, níor amharc an firín seo agam mar a bheadh sé ar seachrán, ná marbh tuirseach, ná stiúgtha leis an ocras, ná spalptha le tart, ná eagla a chraicinn bheith air. 🔊✎ Ní raibh cuma dá laghad air gur páiste é a bhí caillte sa bhfásach, míle míle ó aon chónaí daoine. 🔊✎ Nuair a tháinig an chaint chugam ar deireadh, arsa mise leis: 🔊✎
Ach... cad atá ar siúl agat anseo? 🔊
Agus ar seisean liom arís, go bog íseal, mar a bheadh sé an-dáiríre faoin rud: 🔊✎
Le do thoil, déan pictiúr de chaora dom... 🔊✎
Nuair a bhíonn cúrsaí chomh diamhrach sin, ní bheadh sé de dhánaíocht ionat gan rud a dhéanamh air. 🔊✎ Cuma cé chomh hamaideach agus a bhí sé, dar liom míle míle ar shiúl ó aon chónaí daoine agus mé i mbaol báis, tharraing mé amach as mo phóca duille pháipéir agus peann easa. 🔊✎
Ach ansin chuimhnigh mé gurb iad na rudaí is mó a bhí foghlamtha agam tíreolas, stair, uimhríocht agus gramadach agus dúirt mé leis an bhfirín beag (agus beagán drochspionn orm) nach raibh mé in ann líníocht a dhéanamh. 🔊✎ D'fhreagair sé: 🔊✎
Is cuma sin. 🔊✎ Déan pictiúr de chaora dom. 🔊✎
Ó tharla nach ndearna mé pictiúr de chaora riamh, tharraing mé arís ceann den dá phictiúr a bhí arm o chumas. 🔊✎ An boa dúnta. 🔊✎ Agus bhí mo sháith iontais orm nuair a thug an firín seo de fhreagra orm:
oo Ní hea! 🔊 Ní hea! 🔊✎ Ní eilifint taobh istigh de bhoa atá de dhíth orm. 🔊✎ Bíonn boa an-dainséarach agus tá an eilifint an-amscaí. 🔊✎ Áit an-bheag atá agam sa bhaile. 🔊✎ Caora atá uaim. 🔊✎ Déan pictiúr de chaora dom. 🔊✎
Mar sin, thosaigh mé ag tarraingt. 🔊✎
D'amharc sé go cúramach orm, agus ansin: 🔊✎
Ní hea! 🔊✎ Tá an ceann sin tinn. 🔊 Déan ceann eile. 🔊✎
Tháinig aoibh an gháire arm o chara beag, go caoin cneasta. 🔊✎
An bhfeiceann tú... ní caora é sin, is reithe é sin, is reithe é. Tá adharca air... 🔊
Ach ní ghlacfadh sé leis, ach oiread leis na cinn roimhe. 🔊✎
Tá an ceann sin róshean. 🔊✎ Caora atá uaim a mhairfeas i bhfad. 🔊✎
Ag an phointe sin, agus mé i ndeireadh na foighde, mar bhí deifir orm chun m'inneall a bhaint dá chéile, bhreac mé síos an pictiúr seo: 🔊✎
Sin é an cófra. 🔊✎ An chaora atá uait, tá sí istigh ann. 🔊✎
Ach ba mhór an t-iontas a bhí orm nuair a tháinig loinnir sna súile ag an mheasúnóir beag seo agam: 🔊✎
Sin é díreach mar a theastaigh uaim. 🔊✎ Meas tú an mbeadh mórán féir de dhíth ar an chaora seo? 🔊✎
Mar nach bhfuil ach áit an-bheag agam sa bhaile. 🔊✎
Beidh sé mór go leor cinnte. 🔊✎ Caora an-bheag a thug mé duit. 🔊✎
Chlaon sé a cheann i dtreo an phictiúir: 🔊✎
Níl sí chomh beag sin uilig... Féach! 🔊 Tá sí ina codladh... 🔊✎
Agus is mar sin a chuir mé aithne ar an phrionsa beag. 🔊✎