← Dúradh sa leabhar: "Slogann na nathracha boa a gcreach d'aon ailp amháin, gan í a chogaint. 🔊✎
← Chuir sin ag machnamh mé ar na heachtraí a tharlaíonn sa dufair agus d'éirigh liomsa chomh maith mo chéad phictiúr a tharraingt, le pionsail daite. 🔊✎
← Seo mar a bhí sé: Thaispeáin mé an sárshaothar seo liom do na daoine móra agus d'fhiafraigh mé díbh ar chuir mo phictiúr eagla orthu. 🔊
← Mar sin rinne mé pictiúr den taobh istigh de nathair boa, sa chaoi go bhféadfadh na daoine móra é a thuiscint. 🔊✎
← Seo mar a bhí mo phictiúr uimhir a dó: Dúirt na daoine móra na pictiúir de nathracha boa, ar oscailt nó dúnta, a fhágáil i leataobh, agus luí isteach ina áit sin le mo cheachtanna tíreolais, stair, uimhríochta agus gramadaí. 🔊
← Ní thuigeann na daoine móra rud ar bith uathu féin in am ar bith, agus tá sé tuirsiúil agus páistí bheith i gcónaí ag míniú rudaí dóibh. 🔊✎
← Chuir na daoine móra beaguchtach orm maidir le bheith i mo phéintéir, nuair a bhí mé sé bliana d'aois, agus níor fhoghlaim mé le haon rud a líniú, seachas boanna dúnta agus boanna oscailte. 🔊✎
← Ach ansin chuimhnigh mé gurb iad na rudaí is mó a bhí foghlamtha agam tíreolas, stair, uimhríocht agus gramadach agus dúirt mé leis an bhfirín beag (agus beagán drochspionn orm) nach raibh mé in ann líníocht a dhéanamh. 🔊✎
← Ach ní ghlacfadh sé leis, ach oiread leis na cinn roimhe. 🔊✎