← Seo mar a bhí sé: Thaispeáin mé an sárshaothar seo liom do na daoine móra agus d'fhiafraigh mé díbh ar chuir mo phictiúr eagla orthu. 🔊
← Mar sin rinne mé pictiúr den taobh istigh de nathair boa, sa chaoi go bhféadfadh na daoine móra é a thuiscint. 🔊✎
← Seo mar a bhí mo phictiúr uimhir a dó: Dúirt na daoine móra na pictiúir de nathracha boa, ar oscailt nó dúnta, a fhágáil i leataobh, agus luí isteach ina áit sin le mo cheachtanna tíreolais, stair, uimhríochta agus gramadaí. 🔊
← Sin mar a tharla gur thug mé suas do shaol breá péintéara, agus gan mé ach sé bliana d'aois. 🔊✎
← Mar sin, bhí orm ceird eile a tharraingt orm féin agus d'fhghlaim mé le bheith i mo phíolóta eitleáin. 🔊✎
← Nuair a chasainn le duine acu a shíl mé a raibh beagán tuigbheála aige, thriailinn air an pictiúr uimhir a haon sin agam, mar choinnigh mé agam riamh é. Theastaigh uaim a fháil amach ar thuig sé dáiríre. 🔊
← Níor luaigh mé nathracha boa leis mar sin, ná foraoiseacha anaithnide ná réaltaí. 🔊✎
← II \\ Chaith mé mo shaol i m'aonar mar sin, gan duine ar bith agam le mo chaint a dhéanamh leis dáiríre, go dtí an lá a tháinig mé anuas i ngaineamhlach an tSahára. 🔊
← An chéad oíche mar sin chuaigh mé a chodladh ar an ghaineamh míle míle ar shiúl ó chónaí daonna. 🔊✎
← Samhlaigí daoibh féin mar sin an t-ionadh a bhí orm, ag breacadh an lae, nuair a mhúscail glór beag aisteach mé. 🔊✎
← Déan pictiúr de chaora dom... Léim mé i mo sheasamh mar a bhuailfí le splanc tintrí mé. 🔊
← Mar sin, d'amharc mé ar an bhfís seo romham agus mo dhá shúil ar bior le hiontas. 🔊✎
← Ina dhiaidh sin, níor amharc an firín seo agam mar a bheadh sé ar seachrán, ná marbh tuirseach, ná stiúgtha leis an ocras, ná spalptha le tart, ná eagla a chraicinn bheith air. 🔊✎
← Agus ar seisean liom arís, go bog íseal, mar a bheadh sé an-dáiríre faoin rud: 🔊✎
← Mar sin, thosaigh mé ag tarraingt. 🔊✎
← Ag an phointe sin, agus mé i ndeireadh na foighde, mar bhí deifir orm chun m'inneall a bhaint dá chéile, bhreac mé síos an pictiúr seo: 🔊✎
← Sin é díreach mar a theastaigh uaim. 🔊✎
← Mar nach bhfuil ach áit an-bheag agam sa bhaile. 🔊✎