← Chuir sin ag machnamh mé ar na heachtraí a tharlaíonn sa dufair agus d'éirigh liomsa chomh maith mo chéad phictiúr a tharraingt, le pionsail daite. 🔊✎
← Seo mar a bhí mo phictiúr uimhir a dó: Dúirt na daoine móra na pictiúir de nathracha boa, ar oscailt nó dúnta, a fhágáil i leataobh, agus luí isteach ina áit sin le mo cheachtanna tíreolais, stair, uimhríochta agus gramadaí. 🔊
← Mar sin, bhí orm ceird eile a tharraingt orm féin agus d'fhghlaim mé le bheith i mo phíolóta eitleáin. 🔊✎
← Sa dóigh sin, ba mhinic mé ag plé i rith mo shaoil le daoine tromchúiseacha. 🔊✎
← Nuair a chasainn le duine acu a shíl mé a raibh beagán tuigbheála aige, thriailinn air an pictiúr uimhir a haon sin agam, mar choinnigh mé agam riamh é. Theastaigh uaim a fháil amach ar thuig sé dáiríre. 🔊
← Agus bhíodh an duine mór sin thar a bheith sásta gur chas sé le duine chomh ciallmhar liom féin. 🔊✎
← II \\ Chaith mé mo shaol i m'aonar mar sin, gan duine ar bith agam le mo chaint a dhéanamh leis dáiríre, go dtí an lá a tháinig mé anuas i ngaineamhlach an tSahára. 🔊
← Bhí é chomh scartha amach le duine ar briseadh a long agus é ar rafta i lár na farraige móire. 🔊✎
← Chuir na daoine móra beaguchtach orm maidir le bheith i mo phéintéir, nuair a bhí mé sé bliana d'aois, agus níor fhoghlaim mé le haon rud a líniú, seachas boanna dúnta agus boanna oscailte. 🔊✎
← Mar sin, d'amharc mé ar an bhfís seo romham agus mo dhá shúil ar bior le hiontas. 🔊✎
← Ina dhiaidh sin, níor amharc an firín seo agam mar a bheadh sé ar seachrán, ná marbh tuirseach, ná stiúgtha leis an ocras, ná spalptha le tart, ná eagla a chraicinn bheith air. 🔊✎