← I 🔊
← Nuair a bhí mé sé bliana d'aois, chonaic mé, uair amháin, pictiúr iontach i leabhar i dtaobh na foraoise darbh ainm "Scéalta fíora." 🔊✎
← Ní hata a bhí i mo phictiúr. 🔊✎
← Bíonn míniú de dhíth orthu i gcónaí. 🔊✎
← Seo mar a bhí mo phictiúr uimhir a dó: Dúirt na daoine móra na pictiúir de nathracha boa, ar oscailt nó dúnta, a fhágáil i leataobh, agus luí isteach ina áit sin le mo cheachtanna tíreolais, stair, uimhríochta agus gramadaí. 🔊
← Ní thuigeann na daoine móra rud ar bith uathu féin in am ar bith, agus tá sé tuirsiúil agus páistí bheith i gcónaí ag míniú rudaí dóibh. 🔊✎
← Mar sin, bhí orm ceird eile a tharraingt orm féin agus d'fhghlaim mé le bheith i mo phíolóta eitleáin. 🔊✎
← Sa dóigh sin, ba mhinic mé ag plé i rith mo shaoil le daoine tromchúiseacha. 🔊✎
← Chaith mé cuid mhór de mo shaol i measc daoine móra. 🔊✎
← Chonaic mé iad agus mé i ngar dóibh. 🔊✎
← Ach deireadh sé liom i gcónaí: "Is hata é." 🔊
← II \\ Chaith mé mo shaol i m'aonar mar sin, gan duine ar bith agam le mo chaint a dhéanamh leis dáiríre, go dtí an lá a tháinig mé anuas i ngaineamhlach an tSahára. 🔊
← Bhí é chomh scartha amach le duine ar briseadh a long agus é ar rafta i lár na farraige móire. 🔊✎
← Déan pictiúr de chaora dom... Léim mé i mo sheasamh mar a bhuailfí le splanc tintrí mé. 🔊
← Chuir na daoine móra beaguchtach orm maidir le bheith i mo phéintéir, nuair a bhí mé sé bliana d'aois, agus níor fhoghlaim mé le haon rud a líniú, seachas boanna dúnta agus boanna oscailte. 🔊✎
← Cuma cé chomh hamaideach agus a bhí sé, dar liom míle míle ar shiúl ó aon chónaí daoine agus mé i mbaol báis, tharraing mé amach as mo phóca duille pháipéir agus peann easa. 🔊✎
← Caora atá uaim a mhairfeas i bhfad. 🔊✎
← Ag an phointe sin, agus mé i ndeireadh na foighde, mar bhí deifir orm chun m'inneall a bhaint dá chéile, bhreac mé síos an pictiúr seo: 🔊✎