← Chuir sin ag machnamh mé ar na heachtraí a tharlaíonn sa dufair agus d'éirigh liomsa chomh maith mo chéad phictiúr a tharraingt, le pionsail daite. 🔊✎
← Ní thuigeann na daoine móra rud ar bith uathu féin in am ar bith, agus tá sé tuirsiúil agus páistí bheith i gcónaí ag míniú rudaí dóibh. 🔊✎
← Sa dóigh sin, ba mhinic mé ag plé i rith mo shaoil le daoine tromchúiseacha. 🔊✎
← Is ar éigean a bhí a oiread uisce agam agus a choinneodh ag ól mé go ceann ocht lá. 🔊✎
← Samhlaigí daoibh féin mar sin an t-ionadh a bhí orm, ag breacadh an lae, nuair a mhúscail glór beag aisteach mé. 🔊✎
← Agus chonaic mé firín beag saoithiúil amach agus amach agus é ag amharc orm go stuama. 🔊✎
← Mar sin, thosaigh mé ag tarraingt. 🔊✎
← Ag an phointe sin, agus mé i ndeireadh na foighde, mar bhí deifir orm chun m'inneall a bhaint dá chéile, bhreac mé síos an pictiúr seo: 🔊✎
← Ach ba mhór an t-iontas a bhí orm nuair a tháinig loinnir sna súile ag an mheasúnóir beag seo agam: 🔊✎