← Lá amháin, áfach, rinne an circín rua dearmad an doras a dhúnadh agus chomh luath agus a fuair an madra rua a sheans isteach leis sa teach. 🔊
← "Tá sé chomh maith agam mo scíth a ligean go fóill mar tá sé luath sa lá fós agus beidh neart ama agam le dul abhaile," ar seisean leis féin. 🔊
← "Ar eagla na heagla," ar sise, "b'fhearra dhom rud éigin a chur isteach sa mhála im áit." 🔊
← Rug sí ar chloch mhór a bhí in aice láimhe agus gan aon torann a dhéanamh chuir sí an chloch isteach sa mhála agus dhún sí an poll sa mhála le dealg. 🔊
← Bhí sé anonn go maith sa lá faoin am ar dhúisigh an madra rua. 🔊