Bhí circín beag rua ann agus bhí cónaí uirthi i dteach beag cluthar agus ba í a choimeádadh an áit chomh glan le scilling. 🔊 Bhí saol an mhadaidh bháin aici go dtí gur chuala sí madra rua in aice an tí. 🔊 Lean an madra rua ag teacht timpeall na háite ag iarraidh breith uirthi ach theip air go ceann i bhfad. 🔊
Lá amháin, áfach, rinne an circín rua dearmad an doras a dhúnadh agus chomh luath agus a fuair an madra rua a sheans isteach leis sa teach. 🔊 Nuair a chonaic an circín é agus é ag déanamh uirthi, d'eitil sí in airde ar cheann de na rachta agus cheap sí go raibh sí saor ó bhaol. 🔊 Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. 🔊 Thosaigh an madra rua ag rith timpeall na cistine agus bhí an circín ag coimeád súil ghéar air agus ag casadh a cinn de réir mar a bhí sé ag dul timpeall. 🔊 Tháinig mearbhall uirthi tar éis píosa agus thit sí ar urlár na cistine. 🔊
Ní tuisce a bhí sí thíos ná sháigh an madra rua í isteach i mála a bhí aige agus cheangail sé go daingean é. 🔊 Chaith sé an mála suas ar a dhroim agus as go brách leis i dtreo a thí féin. 🔊 Bhí an lá brothallach agus nuair a tháinig sé chomh fada le barr an chnoic bhí sé tugtha traochta. 🔊
"Tá sé chomh maith agam mo scíth a ligean go fóill mar tá sé luath sa lá fós agus beidh neart ama agam le dul abhaile," ar seisean leis féin. 🔊 Luígh sé siar, bolg le grian, agus d'fhág sé an mála tamall beag uaidh. 🔊 Ba ghearr go raibh sé ina chodladh go sámh. 🔊 Nuair a chuala an circín na sranna uaidh thuig sí conas mar a bhí an scéal. 🔊 "Anois an t-am agam," ar sise léi féin. 🔊
Thosaigh sí ag scríobadh ar an mála agus ghearr sí poll ann. 🔊 Amach léi. 🔊
"Ar eagla na heagla," ar sise, "b'fhearra dhom rud éigin a chur isteach sa mhála im áit." 🔊
Rug sí ar chloch mhór a bhí in aice láimhe agus gan aon torann a dhéanamh chuir sí an chloch isteach sa mhála agus dhún sí an poll sa mhála le dealg. 🔊 Ansin d'fhill sí abhaile agus í an-mhórálach aisti féin. 🔊
Bhí sé anonn go maith sa lá faoin am ar dhúisigh an madra rua. 🔊 Bhailigh sé leis chomh maith agus a bhí ina chosa ionas go mbeadh sé in am chun dinnéar a dhéanamh. 🔊 Bhí a mháthair ina seasamh ag an doras agus bhí ionadh a croí uirthi nuair a thug sí faoi deara an t-ualach mór a bhí aige. 🔊 Bhí corcán mór uisce os cionn na tine aici agus d'oscail an madra rua a mhála chun an circín a chaitheamh isteach ann. 🔊 Nach air a bhí an fhearg nuair a thuig sé an bob a bhí buailte ag an gcircín air! 🔊
(Risteard Ó Luineacháin, Greann agus Gáire, Brún agus Ó Nóláin) 🔊