← Bhí circín beag rua ann agus bhí cónaí uirthi i dteach beag cluthar agus ba í a choimeádadh an áit chomh glan le scilling. 🔊
← Lá amháin, áfach, rinne an circín rua dearmad an doras a dhúnadh agus chomh luath agus a fuair an madra rua a sheans isteach leis sa teach. 🔊
← Bhí an lá brothallach agus nuair a tháinig sé chomh fada le barr an chnoic bhí sé tugtha traochta. 🔊
← "Tá sé chomh maith agam mo scíth a ligean go fóill mar tá sé luath sa lá fós agus beidh neart ama agam le dul abhaile," ar seisean leis féin. 🔊
← Bhailigh sé leis chomh maith agus a bhí ina chosa ionas go mbeadh sé in am chun dinnéar a dhéanamh. 🔊