Teanga is Cultúr 🔊

 

 

Is iomaí sin insint atá againn ar "cad is cultúr ann" ach chun an chiall is leithne a chur air tagraíonn do nósanna maireachtála na ndaoine. 🔊

 

Úsáidtear "Cultúr", le C mór, chun tagairt do nósanna atá inmhianaithe dar le lucht riartha ceannairí an phobail ceannairí na tíre - mar ba cheart gléasadh go foirmeálta ag Ascot, ag bainis, a leithéid eile; an saghas ceoil ar cheart duit suim a chur ann - ceol clasaiceach de ghnáth; na leabhair ba cheart a bheith léite ag an atá léannta agus mar sin de. 🔊 An rud atá i gceist anseo na nósanna maireachtála a bhí ag an uasal aicme sa ghlúin atá caite. 🔊

 

Ar an láimh eile tagraíonn "cultúr" do ghnáthnósanna maireachtála atá ag formhór na ndaoine. 🔊 Conas a théann siad i ngleic leis an saol, a slite beatha, a gcuid bia is deoch, éadaí, siamsaíocht, tithe, creideamh, oideachas, agus scolaíocht, agus a leithéid eile. 🔊 Ar ndóigh, bíonn gach mórchultúr breac le fochultúir agus fo-fhochultúir go dtí go dtagann go dtí an teaghlach an duine aonair - ach san am céanna "is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine" mar a deir an seanfhocal agus bhíonn éinne beag beann ar an gcultúr ina bhfuil fréamhaithe. 🔊

 

Is minic teannas idir na fochultúir éagsúla, iad ag baint na sál chéile lena chruthú gur acu féin atá an tsibhialtacht is fearr agus go bhfuil de cheart acu a bheith níos ardnósaí lucht an chultúir eile. 🔊 dúinn dul rófhada leis an scéal seo mar go bhfuil ríshoiléir timpeall orainn. 🔊

 

Go bunúsach, is iad an timpeallacht agus an teanga an rud is a chruthaíonn agus a chothaíonn cultúr. 🔊 Bhí tuairimí ann, cosúil le hipitéis Sapir-Whorf, a mhaígh go raibh tionchar ag struchtúir na teanga ar struchtúir na hintinne agus ar an gcultúr. 🔊 Ar an láimh eile, d'fhéadfaí a mhaíomh gurb í an timpeallacht a mhúnlaíonn struchtúir na teanga. 🔊 Rud amháin atá soiléir agus is é sin nach mar a chéile a léiríonn teangacha éagsúla réadúlacht atá á chur in iúl acu. 🔊 "Súil eile" an manna atá ag TG4. Seo roinnt samplaí:

 

slaghdán orm ( agam) 🔊

fuair bás (is rud ón taobh amuigh a thagann ort, é an bás) 🔊

ag saothrú an bháis (an bás ag teacht ach thiocfaidh go dtí go mbeidh réidh) 🔊

 

Bíonn na mothúcháin ar fad taobh amuigh díot féin agus tagann siad ort. 🔊

hionann an réimse seimeantach atá ag focal mar "glas" sa Ghaeilge agus "green" i mBéarla - capall glas (grey), coinín glas (brown), ghlas, féar glas. 🔊 bhíodh de nós "glas" a thabhairt ar rud saorga ar nós péinte aon dathanna a chuirfeá ar phictiúr - uaine a bhíodh air seo. 🔊

 

Níl anseo ach samplaí beaga den tslí a tharraingíonn an teanga aird an duine ar ghnéithe difriúla den réalachas, más ann a leithéid. 🔊 Nuair atá léargas coiteann ag pobal ar leith ar an saol is féidir a go bhfuil cultúr ar leith acu. 🔊

 

Bhí cultúir éagsúla in Éirinn ó tháinig na Normannaigh in 1169. 🔊 Ba é an cultúr Gaelach ba threise suas go dtí an t-ochtú haois déag ach diaidh ar ndiaidh d'athraigh sin go dtí go raibh an chumhacht ar fad ag cainteoirí Béarla faoin 18ú aois. 🔊 D'éirigh deacair dul ar aghaidh sa saol gan Bhéarla agus faoin mbliain 1901 raibh fágtha sa tír ach fiche míle duine a bhí gan Béarla de shaghas éigin. 🔊

 

Le gluaiseacht an náisiúnachais b'fhacthas do chuid de na ceannairí go raibh an Ghaeilge ina dlúthchuid de chultúr na hÉireann. 🔊 Gan a bheith saor ach Gaelach chomh maith, gan a bheith Gaelach ach saor chomh maith, mar a chuir Pádraig Mac Piarais é. 🔊 Le bunú an tSaorstáit, cuireadh an-bhéim ar athbheochan na Gaeilge agus ba é an aidhm a bhí ag Conradh na Gaeilge go mbeadh an Ghaeilge mar theanga na tíre agus go dtógfadh áit an Bhéarla go hiomlán. 🔊 Ar ndóigh, mar a shíltear a bhítear, agus lean na ceantair Ghaeltachta ag cúngú go dtí an atá inniu ann. 🔊

 

Sa chéad leath den bhfichiú haois mhair dhá thuairim faoin nGaeilge le hais a chéile. 🔊 Níor admhaigh mórán sa Phoblacht glan amach go raibh siad ina coinne ach san am céanna bhain an Béarla le rachmas agus an Ghaeilge le bochtanas. 🔊

"Cén mhaitheas a dhéanfaidh an Ghaeilge duit ar an taobh eile den Spidéal?" 🔊 a d'fhiafraigh fear de Phádraig Mac Piarais. 🔊 Thuigfeá don bhfear sin mar raibh i ndán d'fhormhór na ndaoine óga ach an bád bán. 🔊 D'fhéachtaí anuas ar mhuintir na nGaeltachtaí sna bailte móra, sa Daingean, i gcathair na Gaillimhe agus i Leitir Ceanainn. 🔊 Béarla a bhí ag lucht na siopaí agus lucht gnó laistigh de na Gaeltachtaí. 🔊 Bhí "Éire Oifigiúil" lán i bhfábhar na Gaeilge le linn an ama sin. 🔊

 

Inniu...? 🔊