← Úsáidtear "Cultúr", le C mór, chun tagairt do nósanna atá inmhianaithe dar le lucht riartha nó ceannairí an phobail nó ceannairí na tíre - mar ba cheart gléasadh go foirmeálta ag Ascot, nó ag bainis, nó a leithéid eile; an saghas ceoil ar cheart duit suim a chur ann - ceol clasaiceach de ghnáth; na leabhair ba cheart a bheith léite ag an té atá léannta agus mar sin de. 🔊
← Conas a théann siad i ngleic leis an saol, a slite beatha, a gcuid bia is deoch, éadaí, siamsaíocht, tithe, creideamh, oideachas, agus scolaíocht, agus a leithéid eile. 🔊
← Ar ndóigh, bíonn gach mórchultúr breac le fochultúir agus fo-fhochultúir go dtí go dtagann tú go dtí an teaghlach nó an duine aonair - ach san am céanna "is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine" mar a deir an seanfhocal agus ní bhíonn éinne beag beann ar an gcultúr ina bhfuil sé fréamhaithe. 🔊
← Is minic teannas idir na fochultúir éagsúla, iad ag baint na sál dá chéile lena chruthú gur acu féin atá an tsibhialtacht is fearr agus go bhfuil sé de cheart acu a bheith níos ardnósaí ná lucht an chultúir eile. 🔊
← Go bunúsach, is iad an timpeallacht agus an teanga an dá rud is mó a chruthaíonn agus a chothaíonn cultúr. 🔊
← Bhí tuairimí ann, cosúil le hipitéis Sapir-Whorf, a mhaígh go raibh tionchar ag struchtúir na teanga ar struchtúir na hintinne agus ar an gcultúr. 🔊
← Rud amháin atá soiléir agus is é sin nach mar a chéile a léiríonn teangacha éagsúla pé réadúlacht atá á chur in iúl acu. 🔊
← Bíonn na mothúcháin ar fad taobh amuigh díot féin agus tagann siad ort. 🔊
← Ní hionann an réimse seimeantach atá ag focal mar "glas" sa Ghaeilge agus "green" i mBéarla - capall glas (grey), coinín glas (brown), bó ghlas, féar glas. 🔊
← D'éirigh sé deacair dul ar aghaidh sa saol gan Bhéarla agus faoin mbliain 1901 ní raibh fágtha sa tír ach fiche míle duine a bhí gan Béarla de shaghas éigin. 🔊
← Le bunú an tSaorstáit, cuireadh an-bhéim ar athbheochan na Gaeilge agus ba é an aidhm a bhí ag Conradh na Gaeilge ná go mbeadh an Ghaeilge mar theanga na tíre agus go dtógfadh sí áit an Bhéarla go hiomlán. 🔊
← Ar ndóigh, ní mar a shíltear a bhítear, agus lean na ceantair Ghaeltachta ag cúngú go dtí an lá atá inniu ann. 🔊
← Níor admhaigh mórán sa Phoblacht glan amach go raibh siad ina coinne ach san am céanna bhain an Béarla le rachmas agus an Ghaeilge le bochtanas. 🔊
← D'fhéachtaí anuas ar mhuintir na nGaeltachtaí sna bailte móra, sa Daingean, i gcathair na Gaillimhe agus i Leitir Ceanainn. 🔊
← Béarla a bhí ag lucht na siopaí agus lucht gnó laistigh de na Gaeltachtaí. 🔊