I ndiaidh domh an dinnéar a chríochnú agus mé art í babhta léitheoireachta a dhéanamh, tháinig fear beag, beathaithe isteach chugam, gnúis dhaingean air, a thóin le talamh. 🔊 Sheas sé, a dheireadh leis an tine, gur thug sé róstadh maith dá mhásaí. 🔊✎ Ansin tharraing sé cathaoir chuige féin agus theann isteach leis an tine, a lámha crágacha spréite os a choinne, ag ceapadh teasa. 🔊✎ Bhí sé do mo ghrinniú an t-am ar fad lena shúile beaga rógánta. 🔊✎ Níl mórán le himeacht ar an diúlach seo, arsa mise liom féin. 🔊✎ Ansin thosaigh an cheastóireacht, tiubh agus crua. 🔊✎ Cén tír as a dtáinig mé? 🔊✎ Cad é mar a shaothraigh mé mo chuid? 🔊✎ An raibh bean agam? 🔊✎ An raibh cúram teaghlaigh orm? 🔊✎ An raibh Éire rachmasach? 🔊✎ An raibh sé éasca cead isteach a fháil chun na tíre? 🔊✎ An raibh cairde agam i Neipeal? 🔊✎ An Críostaí a bhí ionam? 🔊✎ An raibh gnó de mo chuid féin agam sa bhaile? 🔊✎ An raibh mé ag tabhairt urraíochta d'aon duine i Neipeal? 🔊✎ Cad é an méid airgid a chaithfinn sa tír seo? 🔊✎ An de bhunadh saibhir mé i mo thír féin? 🔊✎ Ós rud é nach mórán muiníne agam as cha dtug mé dó ach breaceolas agus bréaga, agus tuairimí leathcheannacha. 🔊✎
Bhí gaol gairid aige le bean an tí agus sin an fátha a raibh sé ag fanacht ansin. 🔊 Bhí sé ar a bhealach ar ais go Kathmandu, áit a raibh lámh aige i ngníomhaíochtaí éagsúla a dúirt sé: cairpéid, seálta pashmina, earraí páipéir. 🔊✎ Bhí an tuile shí as a bhéal agus é ag maíomh as a ghaisce gnó. 🔊✎ Ar ndóigh, bhí daoine ceannasacha ar a chúl ach sin ráite ní raibh cosc dár cuireadh ina shlí ariamh nár sháraigh sé. 🔊✎ Duine acu seo a bhí ann, a dúirt sé, a bhí ábalta rud ar bith a chur chun somhaoine dó féin. 🔊✎ Dá thairbhe sin agus an dóchas dochloíte a bhí ann ó dhúchas rith an saol leis. 🔊✎ Bhí an dá iarann déag sa tine aige i dtólamh, arsa seisean, mórchúis ina ghlór, ach bíodh thíos thuas, ar uair na cruóige, rinne seisean cinnte de go ndéantaí cibé obair a bhí le déanamh ar an sprioc. 🔊✎ Fear faobhair a bhí ann ina óige, arsa seisean, ag ligean gothaí troda air féin go bródúil. 🔊✎
Bhí an fuinneamh sin chomh géar agus a bhí ariamh, a dúirt sé , ach anois, bhí sé i bhfearas aige i gcúrsaí gnó. 🔊 Bhí an-chuid earraíochta ar siúl aige sna ceantair seo fosta, a dúirt sé. 🔊✎ Bhí fir phaca aige a théann thart ag díol éadaigh i mbailte scoite an tsléibhe, bhí mná ag cniotáil dó cois teallaigh, bhí dream eile ann a dhéanann páipéar dó. 🔊✎ Bhí cuma an ghustail, ceart go leor, ar an chóta throm clúimh agus ar na bróga sléibhe den scoth an leathair a bhí á gcaitheamh aige. 🔊✎ Ligfinn orm féin go raibh mé bog go bhfeicfinn cad é mar a bhí sé ag brath buntáiste a ghlacadh orm. 🔊✎ Thairg mé buidéal leanna a cheannach dó agu sba eisean féin nár dhiúltaigh an deoch. 🔊 Cha raibh an buidéal ina lámh aige i gceart gur ól sé a raibh ann d'aon slog cíocrach amháin D'ofráil mé an dara buidéal dó agus ach oiread leis an chéad cheann char chuir sé suas dó. 🔊✎
"Nach ádhúil gur casadh ar a chéile sinn," a dúirt sé agus é ag cothú na tine le tuilleadh adhmaid chonnaidh. 🔊✎"Seo lá ár leasa," ar seisean agus é do mo ghrinniú lena shúile beaga santacha. 🔊✎ Bhí a fhios aige chomh luath agus a leag sé súil orm, a dúirt sé, gurb é ár gcinniúint é a bheith i mbeartas páirte lena chéile. 🔊✎ Ba mhór ab fhiú domh suim airgid a infheistiú láithreach sa chomhlacht déanta páipéir a raibh dlúthbhaint aige leis. 🔊✎ Bheadh toradh fiúntach ar an infheistíocht seo gan aon dabht sa chruth go mbeadh ciste airgid fá mo choinne i gcónaí nuair a d'fhillfinn ar Neipeal. 🔊✎ De réir mar a bhí sé ag téamh leis an racht ceana seo, mar dhea, bhí sé ag tarraingt níos clósáilte domh ionas go raibh greim láimhe aige orm faoin tráth seo. 🔊✎ Níor ghá, ar ndóigh, an socrú beag seo a bhí eadrainn a chur faoi bhráid an dlí. 🔊✎ B'amaideach baoth dúinn airgead a chur amú ar shéala an dlíodóra. 🔊✎ Conradh an chroí a bheadh ann, arsa seisean go dúthrachtach, ag teannadh a ghreama ar mo lámh. 🔊✎ Gníomh muiníne. 🔊✎ Ba leor sin agus an trust a bhí eadrainn. 🔊✎ Bhí sé ag féachaint orm go gear go bhfeicfeadh sé an raibh an chaint leataobhach seo ag dul i bhfeidhm orm. 🔊 Shíl sé go raibh mé somheallta agus go dtiocfadh leis suí i mo bhun agus ceann siar a chur orm. 🔊✎ Bhí taithí aige, déarfainn, an ceann is fearr a fháil ar dhaoine. 🔊✎ "Dá gcreidfeá ann," mar a deireadh na seanmhná sa bhaile fadó, "chuirfeadh sé cosa crainn faoi do chuid cearc." 🔊✎ Ní raibh smaoineamh dá laghad agam du li bpáirtíocht leis an tslíodóir seo. 🔊 Ní rachainn fad mo choise leis. 🔊✎ Is mairg a thaobhódh lena chomhairle. 🔊✎ Ach lena choinneáil ar bís char lig mé a dhath orm féin. 🔊✎ Shuigh mé ansin go stuama, smaointeach, amhail is dá mbeadh gach focal dá chuid ag gabháil i gcion orm. 🔊✎
I rith an ama seo bhí Ang Wong Chuu agus Pemba ar a gcomhairle féin sa chisteanach, gach scairt cheoil acu féin agus ag bean an tí. 🔊✎ Nuair a d'ordaigh mé an tríú buidéal leanna don tslogaire seo - bhí a chuid airgid féin, a dúirt sé, chóir a bheith reaite i ndiaidh dó díolaíocht a thabhairt dá chuid oibrithe anseo sna conic, ach in Kathmandu dhéanfadh sé an comhar a íoc liom faoi thrí. 🔊 Thug Ang Wong Chuu i lataobh mé agus cuma an-tógtha air. 🔊 Is cosúil gur chuir bean an tí leid ina chluas go raibh an fear istigh do mo dhéanamh go dtí an dá shúil. 🔊✎ D'iarr sé orm gan baint ná páirt a bheith agam leis agus ar a bhfaca mé ariamh gan mo shúil a thógáil de mo sparán. 🔊✎ Dúirt mé leis nach raibh baol ar bith go nglacfadh an breallán seo lámh orm. 🔊✎ Sa chluiche seo, gheall mé dó, bheadh an cúig deireanach agamsa. 🔊✎ Bhí sé i bhfách go mór le dul isteach liom chun an tseomra le mé a chosaint ar chrúba an fhir istigh ach d'éirigh liom é a chur ar a shuaimhneas agus a sheoladh ar ais chun na cisteanadh. 🔊✎ Bhí mise ag gabháil a imirt mo chuid cnaipí ar mo chonlán féin. 🔊✎
Ba léir go raibh lúcháir ar an fhear eile mé a fheiceáil ag teacht ar ais. 🔊✎ Shocraigh sé mo chathaoir san áit ba theolaí an teas. 🔊✎ Shoiprigh sé na cúisiní go cúramach. 🔊✎
"Cá mhéad airgid a bheadh i gceist?" 🔊 arsa mise go bladarach nuair a bhí mo ghoradh déanta agam. 🔊
Tháinig loinnir aoibhnis ina ghnúis. 🔊✎ Shíl sé go raibh leis. 🔊✎ "Braitheann sin ort féin ach thabharfadh míle dollar seasamh maith duit sa ghnó. 🔊✎ I do leith féin atá tú á dhéanamh." 🔊✎ Bhí sé spreagtha. 🔊✎ Chrom sé síos le séideog a chur sa tine. 🔊✎ Chuir sé luaith ar fud na háite le méid a dhíograise. 🔊✎ Bhí mé ag baint sásaimh as an chluichíocht chlúide seo. 🔊✎
"An leor banna béile," arsa mise go ceisteach, amhras i mo ghlór, "mar urrús in aghaidh caillteanais?" 🔊✎
Bhí eagla air go raibh mé ag éirí doicheallach, ag tarraingt siar. 🔊✎ Phreab sé aniar as an chathaoir agus chaith sé a dhá lámh thart orm go cosantach. 🔊✎ `Ná bíodh imní ar bith ort taobhú liom,' ar seisean go muiníneach. 🔊 "Nach bhfuil mé chomh saor ó smál le gloine na fuinneoige sin?" 🔊✎
Fráinithe san fhuinneog, bhí ceathrú gealaí ag glinniúint i bhfuacht na spéire, í chomh faobhrach le béal corráin. 🔊✎
"Féach isteach i mo shúile i leith is gur fuinneoga iad," arsa seisean, "agus tchífidh tú gur duine nádúrtha mé ó dhúchas. 🔊✎ Bí cinnte nach ndéanfainn a dhath ach an t-ionracas le duine." 🔊✎ Bhí sramaí lena shúile ar an mhéad is a bhí siad ar leathadh aige os mo chomhair in iúl is go n-amharcfainn síos isteach i nduibheagán a dhúchais is go gcreidfinn go raibh sé gach choir, gan chlaonadh. 🔊
D'amharc mé idir an dá shúil air agus mé ag rá liom féin. 🔊✎ "Ní rachaidh leat, a dhiúlaigh." 🔊✎ Leis an tsaothar anála a bhí air bhí na ribí fionnaidh ina ghaosán ar tinneall. 🔊✎ Faoin am seo bhí sé siúráilte go raibh mé faoina anáil aige. 🔊✎ "Tabharfaidh mé suim airgid duit anois," arsa mise go saonta, amhail is dá mbeadh muinín iomlán agam as. 🔊✎ "Agus an chuid eile in Kathmandu má bhíonn obair na comhlachta sásúil." 🔊✎
Shamhlófá nár tháinig lá dá leas ach é. 🔊✎ Bhí sé sna flaithis bheaga le lúcháir. 🔊✎ Bhí sé do mo bheannú ionas go mba sheacht bhfearr a bheinn an bhliain seo chugainn. 🔊✎ Bhí a fhios agamsa go raibh slam de lire beagluachacha na hIodáile sáite i leataobh agam le fada i dtóin mo mhála droma. 🔊✎ D'aimsigh mé iad láithreach agus chuntas mé amach lab nótaí díobh go mórluachach go raibh lán a chráige aige. 🔊✎ Shíl sé go raibh a shainte de mhaoin aige ina lámh nuair a chonaic sé na nótaí míle ag carnadh ina bhois. 🔊✎ Ádhúil go leor, cha raibh a fhios aige, ach oiread lena thóin, cé chomh beagthairbheach agus a bhí a stór lire. 🔊✎
Chomh luath agus a bhí an t-airgead istigh i gcúl a dhoirn aige, thosaigh sé ag méanfach agus ag ligean air féin go raibh néal codlata ag teacht air. 🔊✎ Thabharfadh sé a sheoladh in Kathmandu agus sonraí iomlána an chomhlachta domh ar maidin ach anois bhí an codladh ag fáil bua air agus chaithfeadh sé an leabaidh a bhaint amach láithreach. 🔊✎ I ndiaidh dó mé a mholadh is a mhóradh thug sé na sála leis chun na leapa. 🔊✎ Ba seo oíche a bhí chun a shástachta. 🔊✎ Chodlódh sé go sámh. 🔊✎ Ní sparán trom croí éadrom. 🔊✎
Bhí aoibh an gháire orm gur thit mé i mo chodladh. 🔊✎ Is fuath liom an míchothrom a dhéanamh le duine ar bith ach d'fhóir sé i gceart don chneámhaire seo. 🔊✎ Bhainfí croitheadh ceart as nuair a chuirfí ar a shúile dó i mbanc nó i mbiúró in Kathmandu nach raibh ina charnán lire ach sop gan luach. 🔊✎ Beidh sé ag téamh ina chuid fola agus an éirí de thalamh le fearg nuair a thuigfear dó gur buaileadh bob air. 🔊✎
Ar ndóigh, bhí sé ar shiúl nuair a d'éirigh mé ar maidin. 🔊✎ Bhain sé na bonnaí as le bánú an lae, a dúirt bean an tí. 🔊✎ Bhí broid air le bheith ar ais in Kathmandu. 🔊✎ Bhí, leoga! 🔊 Cé go raibh sé gaolta léi, a dúirt sí, is beag dáimh a bhí aici leis. 🔊 Cha raibh ann ach slíomadóir agus b'fhearr léi gan é a bheith ag teacht faoin teach ar chor ar bith. 🔊✎ Bhí seoal i bpríosún déanta aige as a bheith ag déanamh slad ar iarsmaí beannaithe na dteampall agus á ndíol le turasóirí. 🔊 Cha raibh fostaíocht ar bith aige, a dúirt sí, agus bhí an t-iomrá amuigh air gur ar bhuirgléireacht a bhí sé ag teacht i dtír. 🔊✎ Bhí sé tugtha don ól ó bhí sé óg, a dúirt sí, agus chuir sé críoch fhliuch ar ar shaothraigh sé ariamh. 🔊✎ Tá bean agus páistí aige ach bhí siad scartha óna chéile ón uair ar cúisíodh é as gadaíocht agus ar gearradh téarma príosúin air. 🔊✎