← Sheas sé, a dheireadh leis an tine, gur thug sé róstadh maith dá mhásaí. 🔊✎
← Ansin tharraing sé cathaoir chuige féin agus theann isteach leis an tine, a lámha crágacha spréite os a choinne, ag ceapadh teasa. 🔊✎
← Bhí sé do mo ghrinniú an t-am ar fad lena shúile beaga rógánta. 🔊✎
← An raibh sé éasca cead isteach a fháil chun na tíre? 🔊✎
← Bhí gaol gairid aige le bean an tí agus sin an fátha a raibh sé ag fanacht ansin. 🔊
← Bhí sé ar a bhealach ar ais go Kathmandu, áit a raibh lámh aige i ngníomhaíochtaí éagsúla a dúirt sé: cairpéid, seálta pashmina, earraí páipéir. 🔊✎
← Ar ndóigh, bhí daoine ceannasacha ar a chúl ach sin ráite ní raibh cosc dár cuireadh ina shlí ariamh nár sháraigh sé. 🔊✎
← Duine acu seo a bhí ann, a dúirt sé, a bhí ábalta rud ar bith a chur chun somhaoine dó féin. 🔊✎
← Bhí an fuinneamh sin chomh géar agus a bhí ariamh, a dúirt sé , ach anois, bhí sé i bhfearas aige i gcúrsaí gnó. 🔊
← Bhí an-chuid earraíochta ar siúl aige sna ceantair seo fosta, a dúirt sé. 🔊✎
← Ligfinn orm féin go raibh mé bog go bhfeicfinn cad é mar a bhí sé ag brath buntáiste a ghlacadh orm. 🔊✎
← Cha raibh an buidéal ina lámh aige i gceart gur ól sé a raibh ann d'aon slog cíocrach amháin D'ofráil mé an dara buidéal dó agus ach oiread leis an chéad cheann char chuir sé suas dó. 🔊✎
← "Nach ádhúil gur casadh ar a chéile sinn," a dúirt sé agus é ag cothú na tine le tuilleadh adhmaid chonnaidh. 🔊✎
← Bhí a fhios aige chomh luath agus a leag sé súil orm, a dúirt sé, gurb é ár gcinniúint é a bheith i mbeartas páirte lena chéile. 🔊✎
← De réir mar a bhí sé ag téamh leis an racht ceana seo, mar dhea, bhí sé ag tarraingt níos clósáilte domh ionas go raibh greim láimhe aige orm faoin tráth seo. 🔊✎
← Bhí sé ag féachaint orm go gear go bhfeicfeadh sé an raibh an chaint leataobhach seo ag dul i bhfeidhm orm. 🔊
← Shíl sé go raibh mé somheallta agus go dtiocfadh leis suí i mo bhun agus ceann siar a chur orm. 🔊✎
← Nuair a d'ordaigh mé an tríú buidéal leanna don tslogaire seo - bhí a chuid airgid féin, a dúirt sé, chóir a bheith reaite i ndiaidh dó díolaíocht a thabhairt dá chuid oibrithe anseo sna conic, ach in Kathmandu dhéanfadh sé an comhar a íoc liom faoi thrí. 🔊
← D'iarr sé orm gan baint ná páirt a bheith agam leis agus ar a bhfaca mé ariamh gan mo shúil a thógáil de mo sparán. 🔊✎
← Bhí sé i bhfách go mór le dul isteach liom chun an tseomra le mé a chosaint ar chrúba an fhir istigh ach d'éirigh liom é a chur ar a shuaimhneas agus a sheoladh ar ais chun na cisteanadh. 🔊✎
← Shocraigh sé mo chathaoir san áit ba theolaí an teas. 🔊✎
← Shoiprigh sé na cúisiní go cúramach. 🔊✎
← Chuir sé luaith ar fud na háite le méid a dhíograise. 🔊✎
← Phreab sé aniar as an chathaoir agus chaith sé a dhá lámh thart orm go cosantach. 🔊✎
← Bhí sramaí lena shúile ar an mhéad is a bhí siad ar leathadh aige os mo chomhair in iúl is go n-amharcfainn síos isteach i nduibheagán a dhúchais is go gcreidfinn go raibh sé gach choir, gan chlaonadh. 🔊
← Faoin am seo bhí sé siúráilte go raibh mé faoina anáil aige. 🔊✎
← Shamhlófá nár tháinig lá dá leas ach é. Bhí sé sna flaithis bheaga le lúcháir. 🔊
← Bhí sé do mo bheannú ionas go mba sheacht bhfearr a bheinn an bhliain seo chugainn. 🔊✎
← Shíl sé go raibh a shainte de mhaoin aige ina lámh nuair a chonaic sé na nótaí míle ag carnadh ina bhois. 🔊✎
← Chomh luath agus a bhí an t-airgead istigh i gcúl a dhoirn aige, thosaigh sé ag méanfach agus ag ligean air féin go raibh néal codlata ag teacht air. 🔊✎
← Thabharfadh sé a sheoladh in Kathmandu agus sonraí iomlána an chomhlachta domh ar maidin ach anois bhí an codladh ag fáil bua air agus chaithfeadh sé an leabaidh a bhaint amach láithreach. 🔊✎
← I ndiaidh dó mé a mholadh is a mhóradh thug sé na sála leis chun na leapa. 🔊✎
← Is fuath liom an míchothrom a dhéanamh le duine ar bith ach d'fhóir sé i gceart don chneámhaire seo. 🔊✎
← Beidh sé ag téamh ina chuid fola agus an éirí de thalamh le fearg nuair a thuigfear dó gur buaileadh bob air. 🔊✎
← Ar ndóigh, bhí sé ar shiúl nuair a d'éirigh mé ar maidin. 🔊✎
← Bhain sé na bonnaí as le bánú an lae, a dúirt bean an tí. 🔊✎
← Cé go raibh sé gaolta léi, a dúirt sí, is beag dáimh a bhí aici leis. 🔊
← Cha raibh fostaíocht ar bith aige, a dúirt sí, agus bhí an t-iomrá amuigh air gur ar bhuirgléireacht a bhí sé ag teacht i dtír. 🔊✎
← Bhí sé tugtha don ól ó bhí sé óg, a dúirt sí, agus chuir sé críoch fhliuch ar ar shaothraigh sé ariamh. 🔊✎