← Bhí sé do mo ghrinniú an t-am ar fad lena shúile beaga rógánta. 🔊✎
← Bhí gaol gairid aige le bean an tí agus sin an fátha a raibh sé ag fanacht ansin. 🔊
← Bhí sé ar a bhealach ar ais go Kathmandu, áit a raibh lámh aige i ngníomhaíochtaí éagsúla a dúirt sé: cairpéid, seálta pashmina, earraí páipéir. 🔊✎
← Bhí an tuile shí as a bhéal agus é ag maíomh as a ghaisce gnó. 🔊✎
← Ar ndóigh, bhí daoine ceannasacha ar a chúl ach sin ráite ní raibh cosc dár cuireadh ina shlí ariamh nár sháraigh sé. 🔊✎
← Duine acu seo a bhí ann, a dúirt sé, a bhí ábalta rud ar bith a chur chun somhaoine dó féin. 🔊✎
← Dá thairbhe sin agus an dóchas dochloíte a bhí ann ó dhúchas rith an saol leis. 🔊✎
← Bhí an dá iarann déag sa tine aige i dtólamh, arsa seisean, mórchúis ina ghlór, ach bíodh thíos thuas, ar uair na cruóige, rinne seisean cinnte de go ndéantaí cibé obair a bhí le déanamh ar an sprioc. 🔊✎
← Fear faobhair a bhí ann ina óige, arsa seisean, ag ligean gothaí troda air féin go bródúil. 🔊✎
← Bhí an fuinneamh sin chomh géar agus a bhí ariamh, a dúirt sé , ach anois, bhí sé i bhfearas aige i gcúrsaí gnó. 🔊
← Bhí an-chuid earraíochta ar siúl aige sna ceantair seo fosta, a dúirt sé. 🔊✎
← Bhí fir phaca aige a théann thart ag díol éadaigh i mbailte scoite an tsléibhe, bhí mná ag cniotáil dó cois teallaigh, bhí dream eile ann a dhéanann páipéar dó. 🔊✎
← Bhí cuma an ghustail, ceart go leor, ar an chóta throm clúimh agus ar na bróga sléibhe den scoth an leathair a bhí á gcaitheamh aige. 🔊✎
← Ligfinn orm féin go raibh mé bog go bhfeicfinn cad é mar a bhí sé ag brath buntáiste a ghlacadh orm. 🔊✎
← Bhí a fhios aige chomh luath agus a leag sé súil orm, a dúirt sé, gurb é ár gcinniúint é a bheith i mbeartas páirte lena chéile. 🔊✎
← De réir mar a bhí sé ag téamh leis an racht ceana seo, mar dhea, bhí sé ag tarraingt níos clósáilte domh ionas go raibh greim láimhe aige orm faoin tráth seo. 🔊✎
← Níor ghá, ar ndóigh, an socrú beag seo a bhí eadrainn a chur faoi bhráid an dlí. 🔊✎
← Ba leor sin agus an trust a bhí eadrainn. 🔊✎
← Bhí sé ag féachaint orm go gear go bhfeicfeadh sé an raibh an chaint leataobhach seo ag dul i bhfeidhm orm. 🔊
← Bhí taithí aige, déarfainn, an ceann is fearr a fháil ar dhaoine. 🔊✎
← I rith an ama seo bhí Ang Wong Chuu agus Pemba ar a gcomhairle féin sa chisteanach, gach scairt cheoil acu féin agus ag bean an tí. 🔊✎
← Nuair a d'ordaigh mé an tríú buidéal leanna don tslogaire seo - bhí a chuid airgid féin, a dúirt sé, chóir a bheith reaite i ndiaidh dó díolaíocht a thabhairt dá chuid oibrithe anseo sna conic, ach in Kathmandu dhéanfadh sé an comhar a íoc liom faoi thrí. 🔊
← Bhí sé i bhfách go mór le dul isteach liom chun an tseomra le mé a chosaint ar chrúba an fhir istigh ach d'éirigh liom é a chur ar a shuaimhneas agus a sheoladh ar ais chun na cisteanadh. 🔊✎
← Bhí mise ag gabháil a imirt mo chuid cnaipí ar mo chonlán féin. 🔊✎
← arsa mise go bladarach nuair a bhí mo ghoradh déanta agam. 🔊
← Bhí mé ag baint sásaimh as an chluichíocht chlúide seo. 🔊✎
← Bhí eagla air go raibh mé ag éirí doicheallach, ag tarraingt siar. 🔊✎
← Fráinithe san fhuinneog, bhí ceathrú gealaí ag glinniúint i bhfuacht na spéire, í chomh faobhrach le béal corráin. 🔊✎
← Bhí sramaí lena shúile ar an mhéad is a bhí siad ar leathadh aige os mo chomhair in iúl is go n-amharcfainn síos isteach i nduibheagán a dhúchais is go gcreidfinn go raibh sé gach choir, gan chlaonadh. 🔊
← Leis an tsaothar anála a bhí air bhí na ribí fionnaidh ina ghaosán ar tinneall. 🔊✎
← Faoin am seo bhí sé siúráilte go raibh mé faoina anáil aige. 🔊✎
← Shamhlófá nár tháinig lá dá leas ach é. Bhí sé sna flaithis bheaga le lúcháir. 🔊
← Bhí sé do mo bheannú ionas go mba sheacht bhfearr a bheinn an bhliain seo chugainn. 🔊✎
← Bhí a fhios agamsa go raibh slam de lire beagluachacha na hIodáile sáite i leataobh agam le fada i dtóin mo mhála droma. 🔊✎
← Ádhúil go leor, cha raibh a fhios aige, ach oiread lena thóin, cé chomh beagthairbheach agus a bhí a stór lire. 🔊✎
← Chomh luath agus a bhí an t-airgead istigh i gcúl a dhoirn aige, thosaigh sé ag méanfach agus ag ligean air féin go raibh néal codlata ag teacht air. 🔊✎
← Thabharfadh sé a sheoladh in Kathmandu agus sonraí iomlána an chomhlachta domh ar maidin ach anois bhí an codladh ag fáil bua air agus chaithfeadh sé an leabaidh a bhaint amach láithreach. 🔊✎
← Ba seo oíche a bhí chun a shástachta. 🔊✎
← Bhí aoibh an gháire orm gur thit mé i mo chodladh. 🔊✎
← Ar ndóigh, bhí sé ar shiúl nuair a d'éirigh mé ar maidin. 🔊✎
← Bhí broid air le bheith ar ais in Kathmandu. 🔊✎
← Cé go raibh sé gaolta léi, a dúirt sí, is beag dáimh a bhí aici leis. 🔊
← Bhí seoal i bpríosún déanta aige as a bheith ag déanamh slad ar iarsmaí beannaithe na dteampall agus á ndíol le turasóirí. 🔊
← Cha raibh fostaíocht ar bith aige, a dúirt sí, agus bhí an t-iomrá amuigh air gur ar bhuirgléireacht a bhí sé ag teacht i dtír. 🔊✎
← Bhí sé tugtha don ól ó bhí sé óg, a dúirt sí, agus chuir sé críoch fhliuch ar ar shaothraigh sé ariamh. 🔊✎
← Tá bean agus páistí aige ach bhí siad scartha óna chéile ón uair ar cúisíodh é as gadaíocht agus ar gearradh téarma príosúin air. 🔊✎