Bhí bean ann uair amháin, agus triúr iníonacha aici. 🔊 Bhí beirt acu iontach dóighiúil, agus bhí an bhean eile iontach gránna. 🔊 Áit ar bith a rachadh an bheirt dhóighiúla, leanfadh an bhean ghránna iad. 🔊 Lá amháin, tháinig an bheirt acu isteach ag a máthair agus d'iarr siad uirthi toirtín a dhéanamh daofa, nó go raibh siad ag imeacht. 🔊 Rinne an mháthair amhlaidh, agus d'imigh an bheirt leo. 🔊
Cha raibh siad i bhfad ar shiúl, nuair a tháinig Máire isteach. 🔊 Chuir sí ceist ar a máthair cá deachaigh an bheirt eile. 🔊 Dúirt an mháthair léi gur chuir sise ar shiúl iad, ná go raibh sí ina ndiaidh achan áit a rachadh siad. 🔊 D'iarr sí ar a máthair ansin toirtín a dhéanamh di, ná go raibh sise ag imeacht fosta. 🔊 Rinne an mháthair an toirtín agus d'imigh sí léi. 🔊 Shiúil sí léi go gasta, nó go bhfuair sí suas leis an bheirt eile. 🔊 Thosaigh siad á cur na bhaile, ach ní rachadh sí daofa. 🔊 Shiúil an triúr acu leo ansin, nó go raibh nóin bheag agus deireadh an lae ann, agus chuaigh siad isteach i dteach, an áit a raibh fathach mór. 🔊
Bhí beirt chailín anseo fosta, agus cailín gránna. 🔊 Nuair a tháinig am luighe ann, chuir an fathach trí ribín glasa ar a thriúr iníonacha, agus chuir sé deireadh na luighe i leaba amháin. 🔊 I lár na hoíche, nuair a bhí deireadh ina gcodladh, d'éirigh Máire agus chuir sí na ribíní ar an triúr acu féin. 🔊 D'éirigh an fathach go luath ar maidin, agus mharaigh sé na trí iníon féin, mar shíl sé gur an triúr eile a bhí ann. 🔊 D'éirigh Máire ansin, agus d'imigh sí féin agus a dá dheirfiúr leo. 🔊 "Tá tú thall ansin a Mháire Bhaibín", arsa an fathach. 🔊 "Tá, go díreach", arsa Máire Baibín. 🔊 "Mharaigh tú mo thrí níon" arsa an fathach léi. 🔊 "Níor mharaigh", arsa Máire "ach mharaigh tú féin iad, a ghadaí cáidheach!" 🔊
Á aithris ag Gearóidín Bhreathnach, Cúntóir Teanga 🔊
Scéal faighte ó Bhailiúchán na Scol. 🔊 Seo scéal ó Scoil Náisiúna An Tor, Co. Dhún na nGall. 🔊 Ba í Nóra Ní Cholla an scoláire a scríobh an scéal. 🔊
Le caoinchead ó Duchas.ie 🔊
Tá Scéim na gCúntóirí Teanga maoinithe ag An Roinn cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta. 🔊