← Bhí an fia bán, agus dúirt Fionn Mac Cumhail nach mba fia ceart í ar chor ar bith, ach dúirt na Fianna eile gurb é. 🔊
← Shéid Fionn a dhord ansin agus chruinníodar go léir timpeall tine mhór a bhí ag lasadh. 🔊
← Bhíodar go léir ansin ina gcodladh ach amháin Fionn, mar nár bhláis sé den fhia diabhalta. 🔊
← D'imigh Fionn agus an bheirt eile go dtí pluais ina raibh bean feasa ina cónaí. 🔊
← Ní raibh Fionn an-mhór le Goll ariamh, toisc gurb é Goll a mharaigh a athair, agus chuir an gníomh seo fearg mhór air anois. 🔊
← D'imigh Goll ar a theitheadh go dtí a bhean a bhí thuas sna sléibhte, ach chuaigh Fionn ar ais arís go dtí a chuid fear. 🔊
← D'inis Fionn dóibh faoin méid a tharla le Goll agus Raithnigh, agus bhí brón agus fearg orthu i ndiaidh a chéile. 🔊
← Núair a bhíodar á gcur, chuir Conán Maol a mhallacht orthu, ach chuir Fionn pionós crua air. 🔊