← Sa t-sean aimsir bhí na Fíanna ag fiach ann lá amháin. 🔊
← Sé an t-ainm a bhí ar an úair sin ná "Coill na locha". 🔊
← Bhí an fia bán, agus dúirt Fionn Mac Cumhail nach mba fia ceart í ar chor ar bith, ach dúirt na Fianna eile gurb é. 🔊
← Shéid Fionn a dhord ansin agus chruinníodar go léir timpeall tine mhór a bhí ag lasadh. 🔊
← Bhí beirt eile freisin nár ith áon píosa den fhia, ba iad sin Goll Mac Morna agus Raithnigh. 🔊
← Dá mhéid é an fhearg a bhí ar Gholl, ba mhó an fhearg a bhí ar Fhionn. 🔊
← D'imigh Goll ar a theitheadh go dtí a bhean a bhí thuas sna sléibhte, ach chuaigh Fionn ar ais arís go dtí a chuid fear. 🔊
← D'inis Fionn dóibh faoin méid a tharla le Goll agus Raithnigh, agus bhí brón agus fearg orthu i ndiaidh a chéile. 🔊