← Deirtear gurb é an fáth atá an t-ainm sin ar an áit ná go raibh go leor raithní ag fás ann, ach níl ann ach scéal mar is í seo an chaoi a bhfuair sé an t-ainm. 🔊
← Sé an t-ainm a bhí ar an úair sin ná "Coill na locha". 🔊
← Ní rabhadar i bfhad nuair a rug an madra Bran ar fhia. 🔊
← Bhí an fia bán, agus dúirt Fionn Mac Cumhail nach mba fia ceart í ar chor ar bith, ach dúirt na Fianna eile gurb é. 🔊
← Shocraíodar ar sin. 🔊
← Rug Goll ar a chlaidheamh agus isteach leis sa bpluais. 🔊
← Ní raibh sé i bhfad istigh núair a theith sé, mar go raibh rudaí draíochta ar gach taobh de. 🔊
← Chuir seo fearg mhór ar Gholl, agus bhain sé an ceann de Raithnigh ar an toirt. 🔊
← Dá mhéid é an fhearg a bhí ar Gholl, ba mhó an fhearg a bhí ar Fhionn. 🔊
← D'imigh Goll ar a theitheadh go dtí a bhean a bhí thuas sna sléibhte, ach chuaigh Fionn ar ais arís go dtí a chuid fear. 🔊
← Tugtar "Cill Raithnigh" ar an ait sin ariamh ó shin. 🔊
← Lean na Fianna Goll Mach Morna, ach chuaigh sé amach ar oileán sa bfharraige in eineacht lena bhean chéile. 🔊
← D'fhanadar ansin ar an oileán gan aon bhia. 🔊
← Cailleadh Goll agus a bhean le chéile amuigh ar an oileán ar a dtugtar "Oileain Ghuill". 🔊
← Rinne Conán an gníomh agus tugtar "Trá Chonáin" ar an áit a raibh sé ag caitheamh clocha in aghaidh na farraige. 🔊