Bhí na trí mhuicín ina suí go moch ar maidin. 🔊✎
Chuaigh siad amach ag obair. 🔊✎
Rinne Dónall Muicín teach beag tuí. 🔊✎
Rinne Colm Muicín teach beag adhmaid. 🔊✎
Rinne Brian Muicín teach beag bríce. 🔊✎
Tháinig an mac tíre gránna go dtí an teach beag tuí. 🔊✎
"Lig isteach mé. 🔊 Lig isteach mé, a chara mo chroí," arsa an mac tíre. 🔊✎
"Ní tusa mo charasa," arsa Dónall Muicín leis an mac tíre gránna. 🔊
"Ní ligfidh mé isteach thú. 🔊 Imigh leat abhaile." 🔊✎
"Huth! 🔊 Huth! 🔊 Hó!" 🔊 arsa an mac tíre gránna. 🔊✎
"Huth! 🔊 Huth! 🔊 Hé! 🔊 Séidfidh mé agus leagfaidh mé do theach beag tuí." 🔊✎
Ansin shéid sé agus shéid sé agus leag sé an teach beag tuí. 🔊✎
Tháinig an mac tíre go dtí an teach beag adhmaid. 🔊
"Lig isteach mé. 🔊 Lig isteach mé, a chara mo chroí," arsa an mac tíre. 🔊✎
"Ní tusa mo charasa," arsa Colm Muicín leis an mac tíre gránna. 🔊
"Ní ligfidh mé isteach thú. 🔊 Imigh leat abhaile." 🔊✎
"Huth! 🔊 Huth! 🔊 Hó!" 🔊 arsa an mac tíre gránna. 🔊✎
"Huth! 🔊 Huth! 🔊 Hé! 🔊 Séidfidh mé agus leagfaidh mé do theach beag adhmaid." 🔊✎
Ansin shéid sé agus shéid sé agus leag sé an teach beag adhmaid. 🔊✎
Tháinig an mac tíre go dtí an teach beag bríce. 🔊✎
"Lig isteach mé. 🔊 Lig isteach mé, a chara mo chroí," arsa an mac tíre. 🔊✎
"Ní tusa mo charasa," arsa Brian Muicín leis an mac tíre gránna. 🔊
"Ní ligfidh mé isteach thú. 🔊 Imigh leat abhaile." 🔊✎
"Huth! 🔊 Huth! 🔊 Hó!" 🔊 arsa an mac tíre gránna. 🔊✎
"Huth! 🔊 Huth! 🔊 Hé! 🔊 Séidfidh mé agus leagfaidh mé do theach beag bríce." 🔊✎
Shéid sé agus shéid sé ach níor leag sé an teach beag bríce. 🔊✎
Chuaigh an mac tíre gránna suas ar an díon. 🔊✎ Síos an simléar leis... 🔊✎
Splais! 🔊✎
"Hí! 🔊 Hí! 🔊 Hí!" 🔊 arsa na trí mhuicín... 🔊✎