Na Trí Mhuicín 🔊

 

Treasa Ailpín a rinne an leagan Gaeilge 🔊

 

 

Bhí na trí mhuicín ina suí go moch ar maidin. 🔊

Chuaigh siad amach ag obair. 🔊

 

 

Rinne Dónall Muicín teach beag tuí. 🔊

Rinne Colm Muicín teach beag adhmaid. 🔊

Rinne Brian Muicín teach beag bríce. 🔊

 

 

Tháinig an mac tíre gránna go dtí an teach beag tuí. 🔊

"Lig isteach . 🔊 Lig isteach , a chara mo chroí," arsa an mac tíre. 🔊

 

 

"Ní tusa mo charasa," arsa Dónall Muicín leis an mac tíre gránna. 🔊

"Ní ligfidh isteach thú. 🔊 Imigh leat abhaile." 🔊

 

 

"Huth! 🔊 Huth! 🔊 !" 🔊 arsa an mac tíre gránna. 🔊

"Huth! 🔊 Huth! 🔊 ! 🔊 Séidfidh agus leagfaidh do theach beag tuí." 🔊

Ansin shéid agus shéid agus leag an teach beag tuí. 🔊

 

 

Tháinig an mac tíre go dtí an teach beag adhmaid. 🔊

"Lig isteach . 🔊 Lig isteach , a chara mo chroí," arsa an mac tíre. 🔊

 

 

"Ní tusa mo charasa," arsa Colm Muicín leis an mac tíre gránna. 🔊

"Ní ligfidh isteach thú. 🔊 Imigh leat abhaile." 🔊

 

 

"Huth! 🔊 Huth! 🔊 !" 🔊 arsa an mac tíre gránna. 🔊

"Huth! 🔊 Huth! 🔊 ! 🔊 Séidfidh agus leagfaidh do theach beag adhmaid." 🔊

Ansin shéid agus shéid agus leag an teach beag adhmaid. 🔊

 

 

Tháinig an mac tíre go dtí an teach beag bríce. 🔊

"Lig isteach . 🔊 Lig isteach , a chara mo chroí," arsa an mac tíre. 🔊

 

 

"Ní tusa mo charasa," arsa Brian Muicín leis an mac tíre gránna. 🔊

"Ní ligfidh isteach thú. 🔊 Imigh leat abhaile." 🔊

"Huth! 🔊 Huth! 🔊 !" 🔊 arsa an mac tíre gránna. 🔊

"Huth! 🔊 Huth! 🔊 ! 🔊 Séidfidh agus leagfaidh do theach beag bríce." 🔊

 

 

Ansin shéid an mac tíre. 🔊

Shéid agus shéid ach níor leag an teach beag bríce. 🔊

Chuaigh an mac tíre gránna suas ar an díon. 🔊 Síos an simléar leis... 🔊

 

 

Splais! 🔊

"Hí! 🔊 ! 🔊 !" 🔊 arsa na trí mhuicín... 🔊