← Is é a bhíodh i gceist leis na meáin chumarsáide san am atá thart ná na páipéir nuachta, an raidió agus an teilifís, ach d'imigh sin agus tháinig seo. 🔊
← Is annamh a d'fheicfeá sa lá atá inniu ann daoine ag dul ar bhus ná ar thraein agus páipéar nuachta faoina n-ascaill acu le léamh ar an turas. 🔊
← Ina ionad sin is amhlaidh a bhíonn cluasáin orthu agus iad ag stánadh rompu ar rud nach ann dó nó ag ag léamh óna scáileáin bheaga. 🔊
← Ach ní hionann sin agus a rá nach mbíonn siad suas chun dáta le cúrsaí nuachta agus le scéalta an lae. 🔊
← Seo é ré na n-aipeanna agus an ré dhigiteach agus is liosta le háireamh iad na haipeanna atá ar fáil go saoráideach. 🔊
← In áit páipéar nuachta a fháil mar chóip chrua is féidir é a fháil mar chóip dhigiteach ar phraghas níos ísle agus é ar d'fhón nó ar pé scáileán atá agat a luaithe agus a bhíonn sé scríofa ag an iriseoir. 🔊
← Faoin am a bhíonn scéal scríofa agus foilsithe mar chóip chrua bíonn sé as dáta. 🔊
← Cé go bhfuil páipéir nuachta fós ar fáil le ceannach sna siopaí tá a ré caite, a bport seinnte, agus faoi cheann cúpla bliain eile ní bheidh siad ar na seilfeanna níos mó. 🔊
← Caithfear glacadh leis go mbíonn na bunscéalta ag daoine a luaithe agus a tharlaíonn an eachtra. 🔊
← Is é cúram an iriseora anois ná dath a chur ar an scéal nó, b'fhéidir, cosa a chur faoi ionas go mbeidh sé nuálach agus tarraingteach do lucht a léite. 🔊
← Ar ndóigh, cuireann gach nuachtán nó iris a dhath nó a chlaonadh féin ar na scéalta agus is faoin léitheoir a fhágtar é chun a chiall féin a bhaint as. 🔊
← Bíonn gach aon saghas scéil le fáil ar na haipeanna ar nós "X" nó Instagram nó a leithéid eile agus iad scríofa ag gnáthdhaoine nach iriseoirí iad. 🔊
← Ní mór idirdhealú a dhéanamh idir scéalta pearsanta agus scéalta pobail. 🔊
← Baineann na scéalta pearsanta le heachtraí a bhain leis an scríbhneoir - an ceolchoirm ag a raibh sé nó sí nó an béile gleoite a bhí aige nó aici agus níl aon dochar iontu seo. 🔊
← Sa dara catagóir seo bíonn scéalta a gcuireann an pobal mór suim iontu agus a ghlacann leo mar fhoinse eolais. 🔊
← Scaiptear na scéalta seo sna ceithre harda agus creideann daoine iontu fiú má chruthaítear nach bhfuil bunús inchreidte leo. 🔊
← Cruthaíonn siad tuiscint agus cairdeas idir daoine agus déanann siad an nuacht níos daonlathaí. 🔊
← Ach, fós féin, más tapaidh agus saoráideach a fhaighimid ár nuacht ní mór dúinn gan a bheith leisciúil faoi ach féachaint go géar ar na foinsí as a dtagann sí agus ár n-intinn féin a dhéanamh suas dá réir. 🔊
← Tá an córas daonlathach tábhachtach dúinn agus tá sé de chumhacht ag na meáin chumarsáide nua-aimseartha é a neartú nó é a scrios. 🔊
← Is den riachtanas é go gcuirfí oideachas ar an aos óg agus ar an bpobal i gcoitinne chun go mbeidh siad ábalta na meáin a cheansú agus tairbhe a bhaint astu. 🔊