Na Meáin Chumarsáide sa Lá atá inniu ann 🔊
Is é a bhíodh i gceist leis na meáin chumarsáide san am atá thart ná na páipéir nuachta, an raidió agus an teilifís, ach d'imigh sin agus tháinig seo. 🔊 Is annamh a d'fheicfeá sa lá atá inniu ann daoine ag dul ar bhus ná ar thraein agus páipéar nuachta faoina n-ascaill acu le léamh ar an turas. 🔊 Ina ionad sin is amhlaidh a bhíonn cluasáin orthu agus iad ag stánadh rompu ar rud nach ann dó nó ag ag léamh óna scáileáin bheaga. 🔊 Tá cuid mhaith den aos óg nach n-éisteann le haon stáisiún raidió beo níos mó nó nach bhféachann ar ghnáthchláir theilifíse. 🔊 Ach ní hionann sin agus a rá nach mbíonn siad suas chun dáta le cúrsaí nuachta agus le scéalta an lae. 🔊
Seo é ré na n-aipeanna agus an ré dhigiteach agus is liosta le háireamh iad na haipeanna atá ar fáil go saoráideach. 🔊 In áit páipéar nuachta a fháil mar chóip chrua is féidir é a fháil mar chóip dhigiteach ar phraghas níos ísle agus é ar d'fhón nó ar pé scáileán atá agat a luaithe agus a bhíonn sé scríofa ag an iriseoir. 🔊 Faoin am a bhíonn scéal scríofa agus foilsithe mar chóip chrua bíonn sé as dáta. 🔊 Dá bharr seo ní fheiceann tú carn mór nuachtán laistigh de dhoirse na siopaí níos mó ná ní chloiseann tú daoine ar an tsráid ag béicíl amach ainmneacha na nuachtán atá ar díol acu. 🔊 Cé go bhfuil páipéir nuachta fós ar fáil le ceannach sna siopaí tá a ré caite, a bport seinnte, agus faoi cheann cúpla bliain eile ní bheidh siad ar na seilfeanna níos mó. 🔊
Fágann an t-athrú seo sa mhodh dáileacháin go bhfuil athrú tagtha ar chúram an iriseora chomh maith. 🔊 Níl aon mhaitheas a bheith ag teacht leis na fíricí loma níos mó. 🔊 Caithfear glacadh leis go mbíonn na bunscéalta ag daoine a luaithe agus a tharlaíonn an eachtra. 🔊 Is é cúram an iriseora anois ná dath a chur ar an scéal nó, b'fhéidir, cosa a chur faoi ionas go mbeidh sé nuálach agus tarraingteach do lucht a léite. 🔊 Ar ndóigh, cuireann gach nuachtán nó iris a dhath nó a chlaonadh féin ar na scéalta agus is faoin léitheoir a fhágtar é chun a chiall féin a bhaint as. 🔊
Bíonn gach aon saghas scéil le fáil ar na haipeanna ar nós "X" nó Instagram nó a leithéid eile agus iad scríofa ag gnáthdhaoine nach iriseoirí iad. 🔊 Ní mór idirdhealú a dhéanamh idir scéalta pearsanta agus scéalta pobail. 🔊 Baineann na scéalta pearsanta le heachtraí a bhain leis an scríbhneoir - an ceolchoirm ag a raibh sé nó sí nó an béile gleoite a bhí aige nó aici agus níl aon dochar iontu seo. 🔊 Tá siad difriúil ar fad ó na scéalta pobail, áfach. 🔊 Sa dara catagóir seo bíonn scéalta a gcuireann an pobal mór suim iontu agus a ghlacann leo mar fhoinse eolais. 🔊 Níor ghá go mbeadh lom na fírinne sna scéalta seo. 🔊 Uaireanta ní bhíonn iontu ach cur i gcéill chun ráflaí mailíseacha a scaipeadh nó chun bolscaireacht a dhéanamh in ainm na fírinne. 🔊 Scaiptear na scéalta seo sna ceithre harda agus creideann daoine iontu fiú má chruthaítear nach bhfuil bunús inchreidte leo. 🔊 Ní gá dúinn ach féachaint ar pholaitíocht na Stát Aontaithe chun é seo a chur ar ár súile dúinn. 🔊
Ní diúltach ar fad atá na meáin chumarsáide nua-aimseartha, áfach. 🔊 Cruthaíonn siad tuiscint agus cairdeas idir daoine agus déanann siad an nuacht níos daonlathaí. 🔊 Níl an nuacht faoi stiúr phrionsaí na meán, ar nós Rupert Murdoch, níos mó. 🔊 Ach, fós féin, más tapaidh agus saoráideach a fhaighimid ár nuacht ní mór dúinn gan a bheith leisciúil faoi ach féachaint go géar ar na foinsí as a dtagann sí agus ár n-intinn féin a dhéanamh suas dá réir. 🔊 Tá an córas daonlathach tábhachtach dúinn agus tá sé de chumhacht ag na meáin chumarsáide nua-aimseartha é a neartú nó é a scrios. 🔊 Is den riachtanas é go gcuirfí oideachas ar an aos óg agus ar an bpobal i gcoitinne chun go mbeidh siad ábalta na meáin a cheansú agus tairbhe a bhaint astu. 🔊