← An samhradh seo tháinig cara leis ar cuairt chuige ón gcathair. 🔊
← Ní raibh luchóg na cathrach róshásta leis an saghas seo bia agus is ar éigean a bhlas sé de ach fós féin bhí sé ag iarraidh a bheith béasach. 🔊
← An tráthnóna sin bhuail siad amach faoin aer agus bhí siad ag caint is ag comhrá. 🔊
← Bhí an cuairteoir ag caint faoi iontais na cathrach agus gach a raibh inti. 🔊
← "Is iad luchóga na cathrach is sona mar is acu sin a bhíonn an bia is blasta. 🔊
← "Ó, bíonn saol an mhadra bháin agam. 🔊
← Is féidir liom dul isteach go lár na cathrach agus dul chuig an margadh. 🔊
← Is féidir liom dul chuig an amharclann nó fanacht ar mo sháimhín só sa gháirdín." 🔊
← Is iad luchóga na cathrach is sona mar is acu sin a bhíonn an caitheamh aimsire is fearr." 🔊
← Ní mó ná sásta a bhí luchóg na cathrach leis an leaba tuí a bhí ann dó. 🔊
← Ach bhí an áit go deas ciúin agus d'éirigh leis codladh na hoíche a fháil. 🔊
← An mhaidin dar gcionn thug luchóg na catharach cuireadh dá chara teacht ar cuairt go dtí an chathair agus glacadh leis an gcuireadh. 🔊
← Bhí an teach i bpoll ar an mballa i dteach mór groí. 🔊
← Bhí gach aon saghas síoda agus stróil ar fud an tí agus bhí luchóg na tuaithe an-tógtha leis. 🔊
← Chuaigh siad ar ais go dtí an bord nuair a bhí sé imithe agus bhí siad díreach chun dul ag ithe arís ach cad a tháinig ach madra agus é ag tafann. 🔊
← Shuigh siad chun boird don tríú huair agus díreach nuair a bhí siad ar tí ithe d'oscail an doras agus tháinig scata daoine isteach. 🔊
← Bhí an áit dubh le daoine. 🔊
← Ní raibh le déanamh acu ach dul ar ais go dtí an teach agus sean-arán a ithe. 🔊
← Níl uaimse ach mo theachín beag sábháilte le cead mo chos agam mar a bheadh ag an rí." 🔊