← Luchóg na Cathrach agus Luchóg na Tuaithe 🔊
← Ní raibh luchóg na cathrach róshásta leis an saghas seo bia agus is ar éigean a bhlas sé de ach fós féin bhí sé ag iarraidh a bheith béasach. 🔊
← Bhí an cuairteoir ag caint faoi iontais na cathrach agus gach a raibh inti. 🔊
← "Is iad luchóga na cathrach is sona mar is acu sin a bhíonn an bia is blasta. 🔊
← Is iad luchóga na cathrach is sona mar bíonn na leapacha is compordaí againn," arsa luchóg na cathrach. 🔊
← Is féidir liom dul isteach go lár na cathrach agus dul chuig an margadh. 🔊
← Is iad luchóga na cathrach is sona mar is acu sin a bhíonn an caitheamh aimsire is fearr." 🔊
← Ní mó ná sásta a bhí luchóg na cathrach leis an leaba tuí a bhí ann dó. 🔊
← Chuaigh luchóg na tuaithe go teach luchóg na cathrach agus bhí gach rud díreach mar a dúradh go mbeadh. 🔊
← "Téanaim ort, agus rachaimid isteach go lár na cathrach chun ithe," arsa luchóg na cathrach agus bhailigh siad leo isteach. 🔊
← Bhailigh luchóg na tuaithe a chuid giuirléidí le chéile agus ar seisean le luchóg na cathrach "Is féidir leat do rogha compord a bheith agat sa chathair le togha gach bia agus leaba chlúimh nó leaba shíoda. 🔊