Seo sliocht as "An Druma Mór" le Seosamh Mac Grianna (Oifig an tSoláthair, 1969). 🔊✎
Cúlra: Bean bhocht a bhí ina cónaí léi féin ba ea Beagaide. 🔊✎ D'fhág a mac, Proinsias, an teach agus é ina pháiste óg chun dul ag obair i dTír Eoghain agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go hAlbain mar a raibh go leor de mhuintir Thír Chonaill roimhe. 🔊✎ Bhí fonn abhaile air tar éis cúig bliana déag ach bhí sé ag iarraidh go mbeadh carn maith airgid aige chun feirm a cheannach i measc a mhuintire féin. 🔊✎ Ní raibh léamh ná scríobh ag Beagaid. 🔊✎
Léiríonn an giota seo an brú a bhí ar dhaoine Béarla a fhoghlaim agus mar a bhí an sean agus an nua ag bualadh le chéile. 🔊✎
Smaoinigh sé, (Proinsias), ar shean-Bheagaide achan oíche de chois na tine agus í ag comhrá le duine de na comharsana a bhí istigh ag airneál. 🔊 Ach níor smaoinigh sé gur air féin a bheadh Beagaide ag caint má b'fhada an oíche. 🔊
Ba é Proinsias tús agus deireadh chuid comhrá Bheagaide. 🔊✎ Nuair a gheibheadh sí litir uaidh théadh sí síos tigh Sheáin Eoin, nó ní raibh si féin ábalta a léamh. 🔊✎ Ach bhí an léann sa dúchas ag bunadh Sheáin Eoin, bhí a ngarathair ábalta an sean-Teagasc Críostaí a léamh. 🔊✎ Ba ghnách le bunadh Sheáin Eoin a bheith ag déanamh corrgháire faoin Bhéarla mhór a bhíodh i litreacha Phroinsís agus faoin drochlitriú. 🔊✎
Is iomaí uair a chonaic siad Beagaide chucu anuas na leacacha, uair achan mhí, nó b'fhéidir, dhá uair. 🔊✎ Thigeadh sí isteach agus litir Phroinsís léi istigh in éadach gheal go cúramach. 🔊✎
"Dia is Muire duit, a Bheagaide. 🔊✎ Goidé mar atá tú, a Bheagaide? Bí i do shuí a Bheagaide." 🔊✎
"Go maith, míle altú do Dhia. 🔊✎ Ná corraig a rún. 🔊✎ Litir a fuair mé ó Phroinsias. 🔊✎ An bhfuil an gasúr fá bhaile?" 🔊✎
"Hóigh, a Dhonnchaidh! 🔊 Gabh aníos anseo, tá gnóithe leat." 🔊
Ba bheag ba lú le Donnchadh ná an scairt sin. 🔊✎ Bhí neart léinn aige, den chineál a bhí ar fáil ar an scoil. 🔊✎ Thiocfadh leis Gaeilge a léamh agus neart Béarla. 🔊✎ Thiocfadh leis aistí a scríobh i mBéarla agus i nGaeilge, ar theach faire agus ar lá aonaigh agus ar Naomh Pádraig. 🔊✎ Ach bhí dhá rud nach raibh sé inuchtaí go raibh sé ina mháistir orthu - litir a scríobh do Bheagaide agus paipéar gearrthach. 🔊✎ I mBéarla a scríobhadh muintir Ros Cuain a gcuid litreacha uilig - agus bhí cuid Gaeilge Bheagaide chomh hachrannach agus nach dtiocfadh leis an ghasúr Béarla a chur uirthi. 🔊✎ Lena cois sin, cuireadh Beagaide a lán rudaí ina litir nach raibh tuigse rómhaith aige orthu - rudaí iontacha nach gcuirfeadh aon duine i litir dar leis. 🔊✎ Agus i dtaca le paipéar na ngearrthach de, bhíodh an oiread mionphrionta agus a oiread uimhreacha air, agus bhí sé chomh "hoifigiúil" sin, agus go bhfágfadh sé an gasúr bocht ina dhobhrán dhall. 🔊 Ach ní thigeadh aon duine chuige le páipéar gearrthach ach go hannamh agus bhíodh Beagaide go mion is go minic ina dhiaidh. 🔊✎
"Beannú air," a deireadh sí nuair a thigeadh sé chun an tí, "nach é atá ag éirí mór? 🔊 Seo duit a thaisce, agus léigh seo." 🔊
Bhíodh airgead beag éigin i gcónaí sa litir, nó mac dlisteanach a bhí i bPrionsias. 🔊
Chaithfeadh Donnchadh suí ansin agus litir Bheagaide a scríobh. 🔊✎ Agus nuair a d'inseodh sí dó go raibh breacshláinte aici ní bheadh a fhios ag Donnchadh cé acu ba chóir dó "speckled health" a scríobh nó nár chóir. 🔊 Nuair a d'inseodh sí dó go raibh pian i gcnámh an smiolgadáin aici ní bheadh a fhios aige faoi Dhia goidé ba chóir dó a chur síos. 🔊✎ Ach scríobhadh sé litir ar dhóigh éigin, agus creidim go mbíodh an Celtic Twilight inti corruair. 🔊✎ Thoisíodh Beagaide a bheannachtaigh leis ansin. 🔊✎
"Go gcumhdaí Dia thú, agus an fad sin de thinneas bliana ná raibh ort. 🔊✎ A Thiarna, míle altú duit, nach deas an rud an fhoghlaim!" 🔊✎
Tharraingíodh sí amach bosca an tsnaoisín agus cuireadh sí thart é agus níodh sí tamall comhrá, agus b'fhéidir go n-inseodh sí scéal nó go n-abródh sí amhrán. 🔊✎ Bhí guth maith aici, agus ba dheas le muintir Sheáin Eoin a bheith ag éisteacht léi ag rá Mal Dubh an Ghleanna... 🔊
Agus nuair a thosaíodh sí ar Chonchúr an Dá Chaorach, nó ar Scéal Níon Rí na Binne Brice, shuíodh na páistí agus gan bogadh iontu ach ag tabhairt cluaise di. 🔊