"Sheáin?" 🔊✎
"Hu?" 🔊✎
"Cuir síos an páipéar agus bí ag caint liom." 🔊✎
"Á anois, muna bhféadfaidh fear suí cois tine agus páipéar a léamh tar éis a lá oibre." 🔊✎
"Bhíos-sa ag obair leis feadh an lae, sa tigh." 🔊✎
"Hu?" 🔊✎
"Ó, tá go maith, trom blúire den bpáipéar agus ná habair "geobhair é go léir tar éis tamaill"." 🔊✎
"Ní rabhas chun é sin a rá. 🔊✎ Seo duit." 🔊✎
Lánúin cois tine tráthnóna. 🔊✎
Lánúin cois tine tráthnóna. 🔊✎
Leanbh ina chodladh sa phram. 🔊✎
Stéig feola ag díreo sa chistin. 🔊✎
Carr ag díluacháil sa gharáiste. 🔊✎
Méadar leictreach ag cuntas chuige a chuid aonad...
"Hé! 🔊 Táim anso! 🔊 Sheáin! 🔊 Táim anso!" 🔊
"Hu?" 🔊✎
"Tusa? 🔊 Cén áit? 🔊 N'fhacas-sa tú." 🔊
"Cad tá ort? 🔊 Léas-sa an leathanach san roim é thabhairt duit." 🔊
"Tá's agam. 🔊✎ Deineann tú i gcónaí. 🔊✎ Ach chuaigh an méid sin i ngan fhios duit. 🔊✎ Táimid araon anso. 🔊✎ Mar gheall orainne atá sé." 🔊✎
"Cad a bheadh mar gheall orainne ann? 🔊 Ní dúrtsa faic le héinne." 🔊
"Ach dúrtsa. 🔊✎ Cuid mhaith." 🔊✎
"Cé leis? 🔊 Cad é? 🔊 Taispeáin dom! 🔊 Cad air go bhfuil tú ag caint?" 🔊
"Féach ansan. 🔊✎ Toradh suirbhé a deineadh. 🔊✎ Deirtear ann go bhfuil an ceathrú cuid de mhná pósta na tíre míshona, míshásta. 🔊✎ Táimse ansan, ina measc." 🔊✎
"Tusa? 🔊 Míshona, míshásta? 🔊 Sin é an chéad chuid a chuala de." 🔊
"Tá sé ansan anois os comhair do dhá shúl. 🔊✎ Mise duine des na mná a bhí sa tsuirbhé sin. 🔊✎ Is cuimhin liom an mhaidean go maith. 🔊✎ I mí Eanáir ab ea é; drochaimsir, doircheacht, dochmacht, billí, sales ar siúl agus gan aon airgead chucu, an sort san. 🔊✎ Eanáir, Feabhra, Márta, Aibreán, Bealtaine, Meitheamh. 🔊✎ `Cheart go mbeacdh sé aici aon lá anois." 🔊
"Leanbh. 🔊✎ Cad eile bheadh ag bean ach leanbh!" 🔊✎
"An bhean a tháinig chugam an mhaidean san." 🔊✎
"Chun an suirbhé a dhéanamh, agus ísligh do ghlór nó dúiseoir an leanbh. 🔊✎ Munar féidir le lánú suí síos le chéile tráthnóna agus labhairt go deas ciúin sibhialta le chéile." 🔊✎
"Ní raibh uaim ach an páipéar a léamh." 🔊✎
"Sin é é. 🔊✎ Is tábhachtaí an páipéar ná mise. 🔊✎ Is tábhachtaí an rud atá le léamh sa pháipéar ná an rud atá le rá agamsa. 🔊✎ Bhuel, mar sin, seo leat agus léigh é. 🔊✎ An rud atá le rá agam, tá sé sa pháipéar sa tsuirbhé. 🔊✎ Ag an saol go léir le léamh. 🔊✎ Sin mise feasta. 🔊✎ Staitistic. 🔊✎ Sin é chuirfidh mé síos leis in aon fhoirm eile bheidh le líonadh agam. 🔊✎ Occupation? 🔊 Statistic. 🔊 Níos deise ná housewife, cad a déarfá?" 🔊✎
"Hu?" 🔊✎
"Is cuma leat cé acu chomh fada is dheinim obair housewife. 🔊✎ Sin é a dúrtsa léi leis." 🔊✎
"Ná tugtar fé ndeara aon ní a dheineann tú mar bhean tí, ach nuair ná deineann tú é. 🔊✎ Cé thugann fé ndeara go bhfuil an t-urlár glan? 🔊 Ach má bhíonn sé salach, sin rud eile." 🔊
"Fúinn araon, a thaisce. 🔊✎ Ná cuireadh sé isteach ort. 🔊✎ Ní bhíonn aon ainmneacha leis an tsuirbhé - chuile rud neamhphearsanta, coimeádtar chuile eolas go discréideach fé rún. 🔊✎ Compútar a dheineann amach an toradh ar deireadh , a dúirt sí. 🔊 Ní cheapas riamh go mbeinn im lón compútair!" 🔊✎
"Stróinséir mná a shiúlann isteach `on tigh chugat, agus tugann tú gach eolas di fúinne?" 🔊
"Ach bhí jab le déanamh aici. 🔊✎ N'fhéadfainn gan cabhrú léi. 🔊✎ An rud bocht, tá sí pósta le dhá bhliain, agus 'bhreá léi leanbh, ach an t-árasán atá acu ní lomhálfaidh an t-úinéir aon leanbh ann agus táid araon ag obair chun airgead tí a sholáthar mar anois tá leanbh chucu agus caithfidh siad a bheith amuigh as an árasán, agus níor mhaith leat go gcaillfeadh sí a post, ar mhaith? 🔊 N'fhéadfainn an doras a dhúnadh sa phus uirthi, maidean fhuar fhliuch mar é, a bhféadfainn?" 🔊
"Ach níl aon cheart ag éinne eolas príobháideach mar sin fháil." 🔊✎
"Ní di féin a bhí sí á lorg. 🔊✎ Bhí sraith ceisteanna tugtha di le cur agus na freagraí le scrí síos. 🔊✎ Jab a bhí ann di sin. 🔊✎ Jab maith leis, an áirithe sin sa ló, agus costaisí taistil. 🔊✎ Beidh mé ábalta an sorn nua sa a cheannach as." 🔊✎
"Bog réidh anois. 🔊✎ Ní chuirfidh sé isteach ar an gcáin ioncaim agatsa. 🔊✎ Lomhálann siad an áirithe sin: working wife's allowance mar a thugann siad air - amhail is nach aon working wife tú aige baile, ach is cuma san." 🔊✎
"Tá tusa chun oibriú lasmuigh? 🔊 Cathain, munar mhiste dom a fhiafraí?" 🔊
"Níl ann ach obair shealadach, ionadaíocht a dhéanamh di faid a bheidh sí san ospidéal chun an leanbh a bheith aici, agus ina dhiaidh san. 🔊✎ Geibheann siad ráithe saoire don leanbh." 🔊✎
"Agus cad mar gheall ar do leanbhsa?" 🔊✎
"Tabharfaidh mé liom é sa bhascaed i gcúl an chair, nó má bhíonn sé súisithe, im bhaclainn. 🔊 Cabhair a bheidh ann dom. 🔊✎ Is maith a thuigeann na tincéirí san." 🔊✎
"Cad é? 🔊 Cén bhaint atá ag tincéirí leis an gcúram?" 🔊
"Ní dhúnann daoine doras ar thincéir mná go mbíonn leanbh ina baclainn." 🔊✎
"Tuigim. 🔊 Tá tú ag tógaint an jab seo, ag dul ag tincéireacht ó dhoras go doras." 🔊✎
"Ag suirbhéireacht ó dhoras go doras." 🔊✎
"Mar go bhfuil tú míshona, míshásta sa tigh." 🔊✎
"Tusa." 🔊✎
"Go rabhas míshona, míshásta. 🔊✎ Ní dúirt riamh." 🔊✎
"Dúrais. 🔊✎ Sa tsuirbhé. 🔊✎ Féach an toradh ansan sa pháipéar." 🔊✎
"Á, sa tsuirbhé! 🔊 Ach sin scéal eile. 🔊 Ní gá gurb í an fhírinne a inseann tú sa tsuirbhé." 🔊✎
"Dá bhfeicfeá an liosta ceisteanna, fé rudaí chomh príobháideach! 🔊 Stróinséir mná a shiúlann isteach, go dtabharfainnse fios gach aon ní di, meas óinsí atá agat orm, an ea? 🔊 D'fhreagraíos a cuid ceisteanna, a dúrt leat, sin rud eile ar fad." 🔊
"Ó!" 🔊✎
"Agus maidir leis an jab, táim á thógaint chun airgead soirn nua a thuilleamh, sin uile. 🔊✎ Ar aon tslí, tusa fé ndear é. 🔊✎" 🔊
"Cad é? 🔊 Mise fé ndear cad é?" 🔊
"Mise? 🔊 Bhíos-sa ag obair." 🔊
"Ó, bhís! 🔊 Nuair a bhí an díobháil déanta." 🔊
"Ní cuimhin liom anois cad a dheinis, ach dheinis rud éigin an mhaidean san a chuir an gomh orm, nó b'fhéidir gurb é an oíche roimh ré féin é, n'fheadar. 🔊✎ Agus bhí an mhaidean chomh gruama, agus an tigh chomh tóin-thar-ceann tar éis an deireadh seachtaine, agus an bille ESB tar éis teacht, nuair a bhuail sí chugam isteach lena liosta ceisteanna, cheapas gur anuas ós na Flaithis a tháinig sí chugam. 🔊✎ Ó, an sásamh a fuaireas scaoileadh liom féin agus é thabhairt ó thalamh d'fhearaibh. 🔊✎ Ó, an t-ualach a thóg sé dem chroí! 🔊 Diabhail chruthanta a bhí iontu, dúrt, gach aon diabhal duine acu, bhíomar marbh riamh acu. 🔊 dúrt, inár sclábhaithe bhíomar acu, dúrt. 🔊✎ Cad ná dúrt! 🔊 Na scéalta a chumas di! 🔊 Níor cheapas riamh go raibh féith na cumadóireachta ionam." 🔊
"Agus chreid sí go rabhais ag insint na fírinne, go rabhais ag tabhairt freagra macánta ar gach aon cheist a chuir sí?" 🔊✎
"Bhuel, ní raibh aon lie detector aici, is dóigh liom. 🔊✎ N'fhaca é ar aon tslí. 🔊✎ Ní déarfainn gur é a cúram é, ní mhór dóibh síceolaí a bheith acu i mbun na jaib mar sin. 🔊✎ Ó chuir sí an cheist agus thugas-sa an freagra, agus sin a raibh air. 🔊✎ Agus bhí cupa caife againn ansin, agus bhíomar araon lánsásta." 🔊✎
"Ach ná feiceann tú ná fuil san ceart? 🔊 Mná eile ag léamh torthaí mar seo. 🔊 Ceathrú de mhná pósta na tíre míshásta? 🔊 Cothóidh sé míshástacht iontusan leis." 🔊
"Níl aon leigheas agamsa ar conas a chuireann siad rudaí sna páipéir. 🔊✎ D'fhéadfaidís a rá go raibh tí ceathrúna de mhná na tíre sásta sona, ná féadfaidís, ach féach a ndúradar Ach sé a gcúramsan an páipéar a dhíol, agus ní haon nath le héinne an té atá sona, sásta. 🔊 Sé an té atá míshásta, ag déanamh agóide, a gheibheann éisteacht sa tsaol so, ó chuile mheán cumarsáide. 🔊✎ Sin mar atá: ní mise a chum ná a cheap. 🔊✎ Aon ní amháin a cheapas féin a bhí bunoscionn leis an tsuirbhé, ná raibh a dóthain ceisteanna aici. 🔊✎ Chuirfinnse a thuilleadh leo. 🔊✎ Ní hamháin "an bhfuil tú sásta?", ach "an dóigh leat go mbeidh tú sásta, má mhaireann tú leis?"" 🔊
"Conas?" 🔊✎
"Na Sínigh fadó, bhí an ceart acu, tá's agat." 🔊✎
"Conas?" 🔊✎
"Sa nós san a bhí acu, nuair a cailltí an fear, a bhean chéile a dhó ina theannta. 🔊✎ Bhí ciall leis." 🔊✎
"Na hIndiaigh a dheineadh san, narbh ea?" 🔊✎
"Cuma cé acu, bhí ciall leis mar nós. 🔊✎ Bhuel, cad eile atá le déanamh léi? 🔊 Tá gá le bean chun leanaí a chur ar an saol agus iad a thógaint, agus nuair a bhíd tógtha agus bailithe leo, tá gá léi fós chun bheith ag tindeáil ar an bhfear. 🔊 Chuige sin a phós sé í, nach ea? 🔊 Ach nuair a imíonn seisean, cad ar a mhaith í ansan? 🔊 Redundant! 🔊 Tar éis a saoil. 🔊 Ach ní fhaighann sí aon redundancy money, ach pinsean beag suarach baintrí." 🔊✎
"Ach cad a mheasann tú is ceart a dhéanamh?" 🔊✎
"Níl a fhios agam. 🔊✎ Sa tseansaol, cuirtí i gcathaoir súgáin sa chúinne í ag riar seanchaíochta agus seanleigheasanna, má bhí sí mór leis an mbean mhic, nó ag bruíon is ag achrann léi muna raibh, ach bhí a háit aici sa chomhluadar. 🔊✎ Anois, níl faic aici. 🔊✎ Sa tslí ar gach éinne atá sí. 🔊✎ Bhí ciall ag na Sínigh. 🔊✎ Meas tú an mbeadh fáil in aon áit ar an leabhar dearg san?" 🔊✎
"Le Mao? 🔊 Dheas liom é a léamh. 🔊 'Dheas liom rud éigin a bheith le léamh agam nuair ná geibhim an páipéar le léamh, agus nuair ná fuil éinne agam a labhródh liom. 🔊✎ Ach beidh mo jab agam sara fada. 🔊✎ Eanáir, Feabhra, Márta, Aibreán, Bealtaine, Meitheamh; tá sé in am. 🔊✎ Tá sé thar am. 🔊✎ Dúirt sí go mbeadh sí i dteagbháil liom mí roimh ré. 🔊✎ Ní théann aon leanbh thar dheich mí agus a dhícheall a dhéanamh... 🔊✎ Is é sin má bhí leanbh i gceist riamh ná árasán ach oiread. 🔊✎ B'fhéidir ná raibh sí pósta féin. 🔊✎ B'fhéidir gur ag insint éithigh dom a bhí sí chun go mbeadh trua agam di, agus go bhfreagróinn a cuid ceisteanna. 🔊✎ Agus chaitheas mo mhaidean léi agus bhí oiread le déanamh agam an mhaidean chéanna; níochán is gach aon ní ach shuíos síos ag freagairt ceisteanna di agus ag tabhairt caife di, agus gan aon fhocal den bhfírinne ag teacht as a béal! 🔊 Bhuel, cuimhnigh air sin! 🔊 Nach mór an lúbaireacht a bhíonn i ndaoine!" 🔊
Lánúin cois tine tráthnóna. 🔊✎
An leanbh ina chodladh sa phram. 🔊✎
An fear ina chodladh fén bpáipéar. 🔊✎
An stéig feola ag díreo sa chistin. 🔊✎
An carr ag díluacháil sa gharáiste. 🔊✎
Tic toc an mhéadair leictrigh ag cuntas chuige na n-aonad. 🔊✎