← Má bhíonn an spéir thiar dearg tráthnóna bíonn aimsir bhreá air agus má bhíonn an spéir thoir dearg tráthnóna, bíonn báisteach air. 🔊
← Má bhíonn néalta bána sa spéir, bíonn báisteach air. 🔊
← Má bhíonn éanlaithe ag eiteall go h-ard sa spéir, is comhartha é go bhfuil aimsir bhreá air. 🔊
← Má bhíonn lachainn ag eiteall agus ag craitheadh a gcuid sciathán, is comhartha é go bhfuil báisteach air. 🔊
← Nuair a bhíonn go leor míoltóga le feiceál, agus má bhíonn seangáin a bhfuil sciatháin ortha ag imeacht thart, is comhartha báistí é sin. 🔊