U Bailiúcháin na Scol - Inis Meáin 🔊

 

 

Seanchas i dTaobh na hAimsire 🔊

 

go leor comharthaí ag na daoine san oileán seo le n-inseacht cén sórt aimsire a bhíonn le teacht. 🔊 Faigheann siad na comharthaí sin go léir ón ngealach, ón ngrian, óna réaltóga, ón bhfarraige, ón ngaoth, ón spéir agus ó rudaí beo. 🔊

 

Nuair a bhíonn fáinne timpeall na gealaí, bíonn báisteach le teacht agus nuair a bhíonn ina suí ar a tóin, is comhartha é go bhfuil drochaimsir air. 🔊

 

Nuair a bhíonn an ghealach ag imeacht go h-éasca ins an spéir, bíonn stoirm le teacht. 🔊

 

Nuair a bhíonn gathanna fada ón ghrian bíonn báisteach air. 🔊

 

Nuair a bhíonn na réaltógaí ag preabaidh ins an spéir is comhartha é sin go bhfuil drochaimsir air. 🔊

 

Nuair a bhíonn cúr ag imeacht ar an bhfarraige is comhartha é go bhfuil farraigí móra le teacht, agus nuair a bhíonn go leor sruthanna le feiceál sa bhfarraige bíonn báisteach air. 🔊

 

Nuair a bhíonn an ghaoth ó dheas, bíonn báisteach air, agus nuair a bhíonn ó thuaidh agus thoir bíonn triomach agus fuacht air. 🔊

 

Nuair a bhíonn an ghaoth thiar siar ó dheas, bíonn stoirm agus múranna báistí air. 🔊

 

bhíonn an spéir thiar dearg tráthnóna bíonn aimsir bhreá air agus bhíonn an spéir thoir dearg tráthnóna, bíonn báisteach air. 🔊

 

bhíonn néalta bána sa spéir, bíonn báisteach air. 🔊

 

Nuair a thagann na géabha fiáine thart, bíonn fuacht le teacht. 🔊

 

bhíonn éanlaithe ag eiteall go h-ard sa spéir, is comhartha é go bhfuil aimsir bhreá air. 🔊

 

bhíonn lachainn ag eiteall agus ag craitheadh a gcuid sciathán, is comhartha é go bhfuil báisteach air. 🔊

 

Nuair a bhíonn mada ag ithe féir, bíonn báisteach air freisin. 🔊

 

Nuair a thugann cat a dhruim don tine, bíonn droch uair air. 🔊

 

Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag dul faoi, bíonn aimsir bhreá air. 🔊

 

Nuair a bhíonn go leor míoltóga le feiceál, agus bhíonn seangáin a bhfuil sciatháin ortha ag imeacht thart, is comhartha báistí é sin. 🔊

 

Scríofa ag: Dara Ó Conghaile. 🔊 Fuair na scéalta seo ó m'athair. 🔊

Ceathrú an Lisín, Inis Meáin 🔊

Dáta: 22ú Samhain 1937 🔊