← Is cosúil go mbíodh sé ag caint go minic ar an tsaoil a bhí aige ansin agus ar na hiontais a chonaic sé ann. 🔊✎
← Bhíomar corradh le scór ann, cuid acu a raibh aithne agam orthu agus cuid nach raibh. 🔊✎
← I lár na seachtaine i gcónaí théadh sé amach agus scian leis agus bhaineadh sé dornán coirte de chrann a bhí i bpairc thall ós cionn dhoras a hut. 🔊
← Thigeadh sé isteach arís agus lán a bhairéid de phíosaí coirte leis agus thosaíodh á dtriomú leis an tine. 🔊✎
← Dé Sathairn cheannaíodh sé leath-cheathrúnach tobac agus d'óladh cibé pingneacha beaga a bhíodh fágtha aige. 🔊✎
← Ba mhinic roimhe sin thug mé cluas dó agus chonacthas dom go raibh Béarla galánta aige - Béarla a raibh líofacht ar leith ann. 🔊✎
← San am sin, de réir an dearcaidh agus an eolais a bhí ag muintir na Rosann, bhí trí chineál Béarla ann: Béarla an Lagáin, Béarla na hAlban agus Béarla Mheiriceá. 🔊✎
← An snas a bhí air bhéarfadh sé le fios duit an té a raibh sé aige gur shiúl sé agus go bhfaca sé go raibh eolas an tsaoil aige. 🔊✎
← (Sliocht é seo as an ghearrscéal "Colorado" le Máire (Oíche Shamhraidh agus Scéalta Eile, Oifig an tSoláthair, 1968). 🔊✎
← Tagann sé seo as canúint Uladh agus baineann sé leis an imirce agus an gá a bhí ag na daoine le Béarla) 🔊✎