Colm de Bhailís 🔊

 

Níl file ar bith sa tír seo, ach bhí duine amháin ann fadó agus an t-ainm a bhí air Cólm De Bhailís. 🔊 Bhí in ann filíocht a dhéanamh ó rugadh é, agus bhí a mhuintir roimhe go maith freisin. 🔊 Rugadh é i mBaile na Cille, agus ballaí an tigh a bhí aige le feiceáil ann fós. 🔊 Bhí pósta, agus is Siubhán a bhí ar a bhean. 🔊

Bhí in a chónaí tamall maith taobh thiar de Leitir Caladh, agus bhí teach an-bheag aige agus bhíodh chuile dhuine ag caint air, agus thug "Cúirt an t-Srutháin Bhuí" mar ainm air, mar bhí suite in aice leis an Sruthán Buí. 🔊 Tháinig go Baile na Cille ansin, agus rinne teach ann. 🔊

Ag siúinéireacht ba mhó a bhíodh , agus raibh mórán talamh aige. 🔊 Bhí an-bhocht, agus rinne amhrán breá mar gheall ar é a bheith bocht. 🔊 Tugtar "An Gréasaí" mar ainm air, mar sin é an t-ainm a thug féin ar an mbochtanas. 🔊 Nuair a rinne an t-amhrán, dúirt ach a tiocfadh ráithe an Fhómhair nuair a bhéadh chuile shórt saor agus go leór airgid aige, go ndíbreódh an bochtanas agus go gceannódh ullaí, builíní, agus líon. 🔊 Rinne go leór amhráin dheasa agus seo cuid acu: 🔊

 

1) Amhrán an Tae 🔊

2) An Gréasaí 🔊

3) Cúirt an t-Srutháin Bhuí 🔊

4) Na Fataí 🔊

5) Brighdín 🔊

6) An Fear Cam 🔊

dheárna aon amhrán ariamh ag cáineadh muintir na tíre seo, agus bhí á moladh i gcónaí. 🔊 Tugadh go Baile Átha Cliath é mar gheall ar chomh maith is a bhí ina fhile, agus bhí tuairim's céad agus a deich bliain d'aois nuair a cailleadh é. 🔊 Bhí an-bhocht i ndeireadh a shaoil. 🔊 Cailleadh é in Uachtar Árd, agus cuireadh é i reilig Chill Chuimín. 🔊

Bhí thiar i gCill Ciaráin , agus bhí ag gearradh adhmaid in áit darb ainm "Áill na mBrón", agus bhfuair béile ann agus dúirt na focail seo: 🔊

 

"Aill na mBrón,

Aill na rón

Aill gann gortach. 🔊

An a ghabhfaidh ann tabhair leat arán, béidh an sin ocrach" 🔊

 

Á aithris ag Eileen Chonghaile, Cúntóir Teanga. 🔊

 

Eolas faighte ó Bhailiúchán na Scol. 🔊 Seo píosa ó Scoil Náisiunta Leitir Mealláin. 🔊 Ba í Maighréad Nic Dhonnchada, Leitir Mealláin, an scoláire a scríobh an t-eolas. 🔊 Ba é Pádhraig Ó Conghaile, Leitir Mealláin (aois 58), a thug an t-eolas di. 🔊 Chuala an t-eólas seo óna mháthair Nóra Nic Dhonnchadha, tuairim's 30 bliain ó shin. 🔊 Bhí Nóra Nic Dhonnchadha tuairim's 65 bliain d'aois nuair a thug an t-eólas seo. 🔊

Scríobhadh an píosa seo ar an 26 Aibreáin 1938. 🔊