Níl file ar bith sa tír seo, ach bhí duine amháin ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná Cólm De Bhailís. 🔊 Bhí sé in ann filíocht a dhéanamh ó rugadh é, agus bhí a mhuintir roimhe go maith freisin. 🔊 Rugadh é i mBaile na Cille, agus tá ballaí an tigh a bhí aige le feiceáil ann fós. 🔊 Bhí sé pósta, agus is Siubhán a bhí ar a bhean. 🔊
Bhí sé in a chónaí tamall maith taobh thiar de Leitir Caladh, agus bhí teach an-bheag aige agus bhíodh chuile dhuine ag caint air, agus thug sé "Cúirt an t-Srutháin Bhuí" mar ainm air, mar bhí sé suite in aice leis an Sruthán Buí. 🔊 Tháinig sé go Baile na Cille ansin, agus rinne sé teach ann. 🔊
Ag siúinéireacht ba mhó a bhíodh sé, agus ní raibh mórán talamh aige. 🔊 Bhí sé an-bhocht, agus rinne sé amhrán breá mar gheall ar é a bheith bocht. 🔊 Tugtar "An Gréasaí" mar ainm air, mar sin é an t-ainm a thug sé féin ar an mbochtanas. 🔊 Nuair a rinne sé an t-amhrán, dúirt sé ach a tiocfadh ráithe an Fhómhair nuair a bhéadh chuile shórt saor agus go leór airgid aige, go ndíbreódh sé an bochtanas agus go gceannódh sé ullaí, builíní, agus líon. 🔊 Rinne sé go leór amhráin dheasa agus seo cuid acu: 🔊
3) Cúirt an t-Srutháin Bhuí 🔊
Ní dheárna sé aon amhrán ariamh ag cáineadh muintir na tíre seo, agus bhí sé á moladh i gcónaí. 🔊 Tugadh go Baile Átha Cliath é mar gheall ar chomh maith is a bhí sé ina fhile, agus bhí sé tuairim's céad agus a deich bliain d'aois nuair a cailleadh é. 🔊 Bhí sé an-bhocht i ndeireadh a shaoil. 🔊 Cailleadh é in Uachtar Árd, agus cuireadh é i reilig Chill Chuimín. 🔊
Bhí sé thiar i gCill Ciaráin lá, agus bhí sé ag gearradh adhmaid in áit darb ainm "Áill na mBrón", agus ní bhfuair sé béile ann agus dúirt sé na focail seo: 🔊
An lá a ghabhfaidh tú ann tabhair leat arán, nó béidh tú an lá sin ocrach" 🔊
Á aithris ag Eileen Ní Chonghaile, Cúntóir Teanga. 🔊
Eolas faighte ó Bhailiúchán na Scol. 🔊 Seo píosa ó Scoil Náisiunta Leitir Mealláin. 🔊 Ba í Maighréad Nic Dhonnchada, Leitir Mealláin, an scoláire a scríobh an t-eolas. 🔊 Ba é Pádhraig Ó Conghaile, Leitir Mealláin (aois 58), a thug an t-eolas di. 🔊 Chuala sé an t-eólas seo óna mháthair Nóra Nic Dhonnchadha, tuairim's 30 bliain ó shin. 🔊 Bhí Nóra Nic Dhonnchadha tuairim's 65 bliain d'aois nuair a thug sí an t-eólas seo. 🔊
Scríobhadh an píosa seo ar an 26 Aibreáin 1938. 🔊