Bhí Cochaillín Dearg ina suí go moch ar maidin. 🔊✎
Bhí sí ag cabhrú le Daidí agus Mamaí. 🔊✎
Thug Mamaí ciseán mór do Chochaillín Dearg. 🔊✎
Bhí arán agus cístí deasa do Mhamó sa chiseán. 🔊✎
"Bí an-chúramach, a stór," arsa Mamaí. 🔊
Bhí mac tíre gránna sa choill. 🔊✎
Chonaic an mac tíre gránna Cochaillín Dearg. 🔊✎
Bhí teach beag álainn ag Mamó. 🔊✎
Bhuail Cochaillín Dearg ar an doras. 🔊✎
"A Mhamó," arsa Cochaillín Dearg, "tá arán agus cístí deasa agam duit." 🔊
"Ó, a Mhamó ... do chluasa!" 🔊 arsa Cochaillín Dearg. 🔊✎
"Céard a tharla do do chluasa?" 🔊
"Tá siad mór. 🔊 Nach bhfuil, a stór!" 🔊 arsa Mamó. 🔊✎
"Ó, a Mhamó ... do shúile!" 🔊 arsa Cochaillín Dearg. 🔊✎
"Céard a tharla do do shúile?" 🔊
"Tá siad mór. 🔊 Nach bhfuil, a stór!" 🔊 arsa Mamó. 🔊✎
"Ó, a Mhamó ... d'fhiacla!" 🔊 arsa Cochaillín Dearg. 🔊✎
"Céard a tharla do d'fhiacla?" 🔊
"Fiacla fada géara!" 🔊 arsa an mac tíre gránna. 🔊✎
Léim an mac tíre amach as an leaba. 🔊✎
Léim Cochaillín Dearg. 🔊✎
Bhí Daidí ag obair sa choill. 🔊✎
Rith sé go dtí teach Mhamó. 🔊✎
Chonaic an mac tíre gránna an tua mhór. 🔊✎
Léim sé. 🔊✎ Rith sé agus bhéic sé. 🔊✎