← Bhí sí ansin lena máthair agus bhíodh sí i gcónaí deas béasach le gach duine. 🔊
← Bhí an-chion ag muintir an bhaile uirthi agus bhíodh sí ag caint leo go minic. 🔊
← Maidin amháin ghlaoigh a máthair isteach uirthi agus thug sí ciseán di. 🔊
← "Tar i leith, a Chochaillín," ar sise "tá blúire de chíste milis sa chiseán seo agus buidéal fíona. 🔊
← Níl sí ar fónamh faoi láthair agus déanfaidh sé seo m aitheas di. 🔊
← Anois fan ar an gcosán agus téigh caol díreach go dtí an teach." 🔊
← "Agus nuair a théann tú isteach ina teach ná déan dearmad "Dia duit, ar maidin" a rá le do sheanmháthair agus nuair a bheidh tú ag fágáil abair slán léi agus tabhair póg di." 🔊
← Bhí Cochaillín Dearg ag pocléim agus ag cantaireacht léi agus í ag dul isteach sa choill. 🔊
← "Císte agus buidéal fíona. 🔊
← Níl mo sheanmháthair go rómhaith faoi láthair agus tabharfaidh sé seo misneach di." 🔊
← Ach má bhím glic agus má imrím mo chuid cartaí i gceart beidh mé in ann an bheirt acu a ithe." 🔊
← Smaoinigh sé dó féin agus ar seisean "Tá bláthanna áille le cumhra speisialta thíos cois na habhann. 🔊
← Pioc slam beag díobh agus tóg go dtí do sheanmháthair iad. 🔊
← "Tóg bog é anois agus bí cinnte nach dtógann tú chuici ach na cinn is deise agus is cumhra dá bhfuil ann." 🔊
← "Ceart go leor," ar sise, agus í ag déanamh grinnstaidéir ar na bláthanna. 🔊
← D'iompaigh an mactíre ar a sháile agus bhailigh sé leis go teach na seanmháthar. 🔊
← "Is mé agus tá císte milis agus buidéal fíona agam duit." 🔊
← D'oscail sí an doras agus i bpreab na súl d'alp an mactíre siar í. 🔊
← Chuaigh sé ansin go dtí an cófra agus chuir sé air éadaí na seanmháthar. 🔊
← Chuir sé cochall ar a cheann agus luigh sé siar ar an leaba. 🔊
← Tar éis tamaillín tháinig Cochaillín Dearg lena cuid bláthanna agus lena ciseán. 🔊
← Chonaic sí go raibh an doras oscailte roimpi agus bhuail sí isteach. 🔊
← Chuaigh sí anonn go dtí an leaba agus bhí a seanmháthair ansin faoin bpluid agus a ceann clúdaithe aici. 🔊
← Léim an mactíre amach as an leaba agus d'alp sé siar í in aon bholgam amháin. 🔊
← Bhí an mactíre lán go béal agus é sona sásta leis féin. 🔊
← Luigh sé siar ar an leaba agus thit a chodladh air. 🔊
← Ba ghearr gur thosaigh sé ag srannadh agus bhí an gleo a tháinig uaidh chomh hard sin gur chuala fear seilge a bhí ag dul thar bráid é. 🔊
← A luaithe is a bhí sé laistigh den doras chonaic sé an mactíre ina chodladh agus gach aon srann as. 🔊
← Thóg sé scian amach as a mhála agus ghearr sé a bholg oscailte. 🔊
← Tháinig an tseanmháthair amach ansin agus í ag béicíl. 🔊
← Bhí an mactíre ansin fós ag srannadh agus a bholg ar leathadh. 🔊
← Bhailigh Cochaillín Dearg agus fear na seilge clocha móra agus chuir siad isteach ina bholg iad ach dhúisigh sé sin é agus amach an doras leis. 🔊
← Thit sé de phleist agus an dé deiridh imithe as. 🔊
← D'ith siad an císte agus d'ól fear na seilge agus an tseanmháthair an buidéal fíona eatarthu. 🔊
← Mhúin sé sin ceacht do Chochaillín Dearg agus lean sí comhairle a máthar as sin amach. 🔊