Tráth dá raibh bhí sráidbhaile beag ar imeall na coille. 🔊 Is ansin a bhí cónaí ar chailín beag álainn. 🔊 Bhí sí ansin lena máthair agus bhíodh sí i gcónaí deas béasach le gach duine. 🔊 Bhí an-chion ag muintir an bhaile uirthi agus bhíodh sí ag caint leo go minic. 🔊 Ní raibh aon deireadh leis an ngrá a bhí ag a seanmháthair di. 🔊
Lá amháin thug a seanmháthair cochall di a raibh dath dearg air. 🔊 Bhí an cailín beag chomh tógtha leis an gcochall gur ar éigean a bhain sí di é riamh. 🔊 Is ar an gcúis sin a tugadh "Cochaillín Dearg" uirthi. 🔊
Maidin amháin ghlaoigh a máthair isteach uirthi agus thug sí ciseán di. 🔊
"Tar i leith, a Chochaillín," ar sise "tá blúire de chíste milis sa chiseán seo agus buidéal fíona. 🔊 Tóg leat iad go dtí do sheanmháthair. 🔊 Níl sí ar fónamh faoi láthair agus déanfaidh sé seo m aitheas di. 🔊 Anois fan ar an gcosán agus téigh caol díreach go dtí an teach." 🔊
"Beidh mé an-chúramach, a Mhamaí," arsa Cochaillín Dearg. 🔊
"Agus nuair a théann tú isteach ina teach ná déan dearmad "Dia duit, ar maidin" a rá le do sheanmháthair agus nuair a bheidh tú ag fágáil abair slán léi agus tabhair póg di." 🔊
"Déanfaidh mé é sin cinnte, a Mhamaí," arsa Cochaillín Dearg. 🔊
Bhí cónaí ar a seanmháthair i dteach beag adhmaid sa choill ach ní raibh sí chomh fada sin ón sráidbhaile. 🔊 Bhí Cochaillín Dearg ag pocléim agus ag cantaireacht léi agus í ag dul isteach sa choill. 🔊
An chéad rud eile chonaic sí mactíre mór gránna. 🔊 Bhí sí go deas cineálta leis mar ní raibh a fhios aici go raibh sé dainséarach. 🔊 Ní raibh aon eagla uirthi roimhe. 🔊
"Dia duit, a Chochaillín," arsa an Mactíre. 🔊
"Dia is Muire duit," a d'fhreagair sí. 🔊
"Cá bhfuil tú ag dul chomh luath seo ar maidin?" 🔊
"Go teach mo sheanmháthar sa choill." 🔊
"Agus cad atá sa chiseán agat?" 🔊
"Císte agus buidéal fíona. 🔊 Níl mo sheanmháthair go rómhaith faoi láthair agus tabharfaidh sé seo misneach di." 🔊
"Agus cén áit go díreach a bhfuil cónaí uirthi?" 🔊
"Píosa beag eile síos an cosán seo san áit a bhfuil na trí chrann darach. 🔊 Caithfidh go bhfuil cur amach agat ar an áit." 🔊
"Ó!" 🔊 arsa an mactíre leis féin, "cailín beag blasta í seo! 🔊 Bheadh sí i bhfad níos blasta ná an tseanbhean. 🔊 Ach má bhím glic agus má imrím mo chuid cartaí i gceart beidh mé in ann an bheirt acu a ithe." 🔊
Smaoinigh sé dó féin agus ar seisean "Tá bláthanna áille le cumhra speisialta thíos cois na habhann. 🔊 Pioc slam beag díobh agus tóg go dtí do sheanmháthair iad. 🔊 Ardóidh siad a croí." 🔊
"Tá an ceart ar fad agat. 🔊 Piocfaidh mé an choróg is deise riamh di." 🔊
Bhí Cochaillín ar a dícheall ag cur na mbláthanna le chéile. 🔊
"Tóg bog é anois agus bí cinnte nach dtógann tú chuici ach na cinn is deise agus is cumhra dá bhfuil ann." 🔊
"Ceart go leor," ar sise, agus í ag déanamh grinnstaidéir ar na bláthanna. 🔊
D'iompaigh an mactíre ar a sháile agus bhailigh sé leis go teach na seanmháthar. 🔊 Bhuail sé ar an doras. 🔊
"Cé atá ansin?" 🔊 a scairt an tseanbhean. 🔊 "An tusa Cochaillín Dearg, mo ghariníon?" 🔊
"Is mé agus tá císte milis agus buidéal fíona agam duit." 🔊
D'oscail sí an doras agus i bpreab na súl d'alp an mactíre siar í.
Chuaigh sé ansin go dtí an cófra agus chuir sé air éadaí na seanmháthar. 🔊 Chuir sé cochall ar a cheann agus luigh sé siar ar an leaba. 🔊
Tar éis tamaillín tháinig Cochaillín Dearg lena cuid bláthanna agus lena ciseán. 🔊 Chonaic sí go raibh an doras oscailte roimpi agus bhuail sí isteach. 🔊
"Dia duit ar maidin, a Mhamó," ar sise ach níor thug an mactíre aon fhreagra uirthi. 🔊
Chuaigh sí anonn go dtí an leaba agus bhí a seanmháthair ansin faoin bpluid agus a ceann clúdaithe aici. 🔊
"Ó, a Mhamó! 🔊 Nach ortsa atá na cluasa fada!" 🔊
"Sin mar is fearr iad chun tusa a chloisteáil." 🔊
"Agus a Mhamó, nach mór iad na súile atá ort!" 🔊
"Sin mar is fearr iad chun tusa a fheiceáil i gceart, a stór." 🔊
"Agus an fionnadh atá ar do lámha móra, a Mhamó!" 🔊
"Sin mar is fearr iad chun barróg mhór a bhreith ortsa." 🔊
"Agus do bhéal mór leathan, a Mhamó!" 🔊
"Sin mar is fearr é chun tusa a ithe!" 🔊
Léim an mactíre amach as an leaba agus d'alp sé siar í in aon bholgam amháin. 🔊
Bhí an mactíre lán go béal agus é sona sásta leis féin. 🔊 Luigh sé siar ar an leaba agus thit a chodladh air. 🔊 Ba ghearr gur thosaigh sé ag srannadh agus bhí an gleo a tháinig uaidh chomh hard sin gur chuala fear seilge a bhí ag dul thar bráid é. 🔊
"Nach ard an gleo sin atá ag teacht ón tseanbhean," ar seisean leis féin, "caithfidh mé dul isteach le féachaint an bhfui sí ceart go leor." 🔊
A luaithe is a bhí sé laistigh den doras chonaic sé an mactíre ina chodladh agus gach aon srann as. 🔊 Thug sé faoi deara go raibh a bholg ag bogadh. 🔊
"Ó, a bhithiúnaigh gan náire. 🔊 D'alp tú siar an tseanbhean." 🔊
Thóg sé scian amach as a mhála agus ghearr sé a bholg oscailte. 🔊 Sheas an cailín beag álainn amach. 🔊
"Tá mé ag rá leat go raibh sé sin scanrúil," ar sise. 🔊
Tháinig an tseanmháthair amach ansin agus í ag béicíl. 🔊
"A Mhuire Mháthair," ar sise, "chuirfeadh sé sin an croí trasna ionat." 🔊
Bhí an mactíre ansin fós ag srannadh agus a bholg ar leathadh. 🔊
Bhailigh Cochaillín Dearg agus fear na seilge clocha móra agus chuir siad isteach ina bholg iad ach dhúisigh sé sin é agus amach an doras leis. 🔊 Bhí na cloche róthrom dó. 🔊 Thit sé de phleist agus an dé deiridh imithe as. 🔊
Tháinig an triúr chucu féin tar éis píosa. 🔊 D'ith siad an císte agus d'ól fear na seilge agus an tseanmháthair an buidéal fíona eatarthu. 🔊
Mhúin sé sin ceacht do Chochaillín Dearg agus lean sí comhairle a máthar as sin amach. 🔊
An bhrí: Ní féidir ceann críonna a chur ar ghuaillí óga. 🔊
Ní thagann ciall roimh aois! 🔊